Skip to main content

Fóraim Ghnímh (2016)


Fóraim Ghnímh 2016Thionóil Conradh na Gaeilge fóraim ghnímh oscailte thuaidh theas le gníomhartha a aontú chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn sna toghcháin a reáchtáladh níos luaithe i mbliana, agus chun an pobal áitiúil a spreagadh chun gnímh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta sna sála ar na toghcháin chéanna.

bhfuil an fóram gnímh is giorra duitse?

Baile Átha Cliath   11 Eanáir 2016
Ros Comáin
Maigh Eo
  18 Eanáir 2016
Cill Dara   19 Eanáir 2016
An Clár   20 Eanáir 2016
Luimneach   26 Eanáir 2016
Uíbh Fhailí
An Longfort
An Iarmhí
Cill Chainnigh
  27 Eanáir 2016
Dún na nGall (Theas)   2 Feabhra 2016
An Cabhán
Gaillimh

  4 Feabhra 2016
Liatroim   5 Feabhra 2016
Loch Garman   6 Feabhra 2016
Corcaigh   9 Feabhra 2016
Sligeach   10 Feabhra 2016
Ceatharlach
Tiobraid Árainn
Muineachán
Laois
  10 Feabhra 2016
Dún na nGall (Thuaidh)   16 Feabhra 2016
An Mhí
Ciarraí
  17 Feabhra 2016
Aontroim   6 Aibreán 2016
Lár Uladh   7 Aibreán 2016
Doire   13 Aibreán 2016
Cathair Dhoire   14 Aibreán 2016
Tír Eoghain   20 Aibreán 2016
An Dún   21 Aibreán 2016

Tá Conradh na Gaeilge anois ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla – iad siúd atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, iad siúd atá ag foghlaim na teanga, nó go deimhin iad siúd le bá ar bith don teanga – chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn leis na hionadaithe ar fad a toghadh sna toghcheantair s’acu. Ní neart go cur le chéile, agus tabharfaidh polaiteoirí cluas éisteachta don phobal áitiúil má cheistítear iad uile faoina bhfuil siad sásta gníomhú ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, nó nach bhfuil.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.