Skip to main content

An Lá Dearg (2017)


An Dream DeargBeidh mórshiúl stairiúil ann ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach ar 20 Bealtaine 2017, áit a mbeidh cainteoirí áitiúla ag éileamh Cearta, Cothromas, Cóir don Ghaeilge mar chuid den fheachtas ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.

Tá Lá Mór Dearg arna eagrú ag An Dream Dearg i gcomhar le Conradh na Gaeilge ar 20 Bealtaine 2017 chun éileamh ollmhór an phobail ar son Acht Gaeilge ó thuaidh a léiriú. Beidh pobal na Gaeilge as gach cearn den tír agus timpeall na cruinne ag triall ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich Béal Feirste, áit a gcuirfear tús le mórshiúl go Halla na Cathrach sa chathair. Fágfaidh na sluaite an Chultúrlann ag 1pm agus beidh ócáid mhór taobh amuigh de Halla na Cathrach ag 2pm. 

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, ionadaí oifigiúil den Dream Dearg agus Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Tá tacaíocht leathan ón phobal don Acht Gaeilge agus den fheachtas, An Dream Dearg, agus Dé Sathairn beidh deis ag daoine an tacaíocht sin a léiriú ar bhonn soiléir, dearfach agus láidir. Tá cuireadh ann d’achan duine a chreideann san éagsúlacht, cearta Teanga agus cearta daonna bheith linn nuair a éilíonn muid go mbogann an stát ar an cheist seo, breis is 10 mbliana ó tugadh gealltanais shoiléire dúinn i leith Acht Gaeilge de.

"Níl aon amhras ach go bhfuil ceist na Gaeilge i gcroílár na géarchéime polaitiúla is déanaí ó thuaidh agus tá An Dream Dearg ag rá go soiléir nach féidir an feidhmeannas a chur ar ais go dtí go bhfuil Acht Gaeilge ceart bhunaithe ann. Tá 50 amach as 90 de na baill nuathofa sa tionól ag tacú linn, mar atá na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa agus sciaranna leathan den phobal. Beidh teachtaireacht shoiléir ann Dé Sathairn - Anois an tAm don Ghníomh, Acht Anois!"

Deir Bláithín Mhic Canna, ionadaí oifigiúil den Dream Dearg, ó Ard Mhacha:

“Mar thuismitheorí atá ag tógáil clainne le Gaeilge níl uaim ach go n-aithníonn an stát mo rogha teanga - Saol trí Ghaeilge atá uaim. Níl mé ar lorg pribhléid nó déanaíocht speisialta ón stát, díreach go n-aithnítear mo chearta teanga agus cearta teanga mo pháistí. Is í an Ghaeilge an teanga a labhraíonn muid le chéile, ó mhaidin go hoíche, ach is beag seirbhís ar fad a fhaigheann muid ón stát trí Ghaeilge. Neartaítear an t-imeallú atá á dhéanamh ar phobal na Gaeilge nuair nach bhfeiceann mo pháistí ach fíorbheagán Gaeilge oifigiúil i spásanna poiblí. Cuirtear seo in olcas nuair a dhéantar neamhaird orainn nó nuair a dhéanann an Rialtas nó ionadaithe tofa ionsaí orainn.

"Níor mhaith liom go mbeadh mo pháiste nó páiste ar bith eile faoi mhíbhuntáiste as siocair á rogha teanga. Tá ár sochaí ag athrú agus níos mó daoine á dtógáil le Gaeilge anois ná mar a bhí le tamall fada anuas. Tá borradh ar an Ghaeloideachas agus ar an Ghaeilge faoi láthair. In ainneoin na n-athruithe suntasacha cultúrtha agus sóisialta seo, níor athraigh an córas ná an stát ó thuaidh. Tá sé thar am gur tharla sin agus gur dhaignigh siad nach saoránaigh den dara grád muid inár dtír féin.”

An mbeidh tusa ann? #BeidhMéAnn

Busanna don Lá Dearg 2017BUSANNA AG DUL GO BÉAL FEIRSTE:

TREORACHA DON MHÓRSHIÚL:

An Lá Dearg 2017: Treoracha don Mhórshiúl 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.