Seimineár an Oireachtais 2023
Posted in Imeachtaí Náisiúnta.
Beidh Seimineár an Oireachtais, eagraithe ag Conradh na Gaeilge, ar siúl ag 11 r.n. Dé Sathairn 4 Samhain, i mBálshomra Óstán an Gleneagle, Cill Airne. Pléifear cé acu, beart nó bréag atá i ngealltanais don Ghaeilge, le ceisteanna faoi Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh, tacaíochtaí don Ghaeltacht agus an fhéidearthacht do dhaoine óga na Gaeltachta cur fúthu ina gceantair féin.
Linn lena phlé, beidh Máirtín Ó Muilleoir, Róisín Ní Chinnéide agus Caitlín Ní Bhroin ar an phainéal le Síomha Ní Ruairc sa chathaoir, chomh maith le tuairimí ón todhchaí le Bláithín Nic an tSíthigh, Eimear Nic Dhonnchadha agus Conor Torbóid.