Skip to main content

Luan Cásca 2016

Posted in Comóradh 2016.

Luan Cásca 2016Radharc ar an Réabhlóid
Luan Cásca, 28 Márta 2016

Conradh na Gaeilge, Lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
11.00 – 15.00 Ceardlann chlódóireachta An Claidheamh Soluis (dátheangach agus in oiriúint do pháistí)
11.00 – 17.00 Stair idirghníomhach Chonradh na Gaeilge
11.00 – 17.00 Tae agus caife saor in aisce
11.00 – 12.00 Turas treoraithe
12.00 – 13.00 Turas treoraithe
13.00 – 14.00 Turas treoraithe
14.00 – 15.00 Turas treoraithe
15.00 – 16.00 Turas treoraithe
16.00 – 17.00 Turas treoraithe

Amharclann na Mainistreach, 26 – 27 Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
16.00 – 17.00 An Filleadh le hAlan Titley á léiriú ag Gaelcholáiste an Phiarsaigh, Ráth Fearnáin

Le seisear den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta i 1916 ina mbaill de Chonradh na Gaeilge agus Eoin Mac Néill féin ina bhunaitheoir ar an eagraíocht, beidh rogha imeachtaí á reáchtáil ag an gConradh don teaghlach ar fad mar chuid de chomóradh RTÉ Radharc ar an Réabhlóid | Reflecting the Rising i lárionad na Gaeilge ag Uimhir 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, ó 11.00rn – 6.00in ar Luan Cásca (28 Márta 2016).

Ceardlann Chlódóireachta An Claidheamh Soluis

Reáchtálfar ceardlann chlódóireachta dhátheangach do theaghlaigh gach uair a’ chloig ó 11.00rn – 3.00in chun deis a thabhairt do pháistí dul i ngleic leis an gcló Ghaelach, faoi mar a rinne Pádraig Mac Piarais ina ré mar eagarthóir ar An Claidheamh Soluis, an iris is mó tionchar san aga roimh an Éirí Amach, ó 1903 – 1909.

Turas Treoraithe

Is ar 11.00rn a chuirfear tús fosta leis an gcéad thuras treoraithe den áras a bhí ina theach agus ina halla ollscoile ag an gCairdinéal John Newman tráth gur bhunaigh sé an chéad Ollscoil Chaitliceach in Éirinn in 1854; ina bhanc ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse; agus ina Aireacht Airgeadais faoi Mhícheál Ó Coileáin sna sála ar an gCéad Dáil sa bhliain 1919, agus atá anois ag feidhmiú mar Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Léireoidh aisteoirí le Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide, atá cláraithe mar chraobh de Chonradh na Gaeilge, stair an árais agus na Gaeilge le cur i láthair idirghníomhach in Uimhir 6 le linn an lae chomh maith.

Bhí an Ghaeilge fite fuaite le smaointeoireacht nuálaíoch Chonradh na Gaeilge agus lárnach i bhfís cheannairí an Éirí Amach i 1916, agus tá stair an stáit fite fuaite go dlúth leis an áras ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair, lárionad Gaeilge atá ag croílár na Gaeltachta uirbí i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann. Tá Conradh na Gaeilge an-sásta an deis a fháil an stair spleodrach, spéisiúil sin a chur ar shúile an phobail mar chuid de Radharc ar an Réabhlóid arna reáchtáil ag RTÉ 1916 sa phríomhchathair Luan Cásca, agus fearann muid fáilte Uí Cheallaigh roimh chách chun cuairt a thabhairt ar lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair le linn an chomórtha.

Comóradh 1916 sna Siopaí

Beidh léargas ar an meon agus ar ábhair spéise lucht na hathbheochana cultúrtha um 1916 le feiceáil i bhfuinneoga na príomhchathrach ar Luan Cásca 2016 leis, óir beidh Comóradh 1916 sna Siopaí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le gnólachtaí a ghlac fógraí ins An Claidheamh Soluis idir 1899 – 1932 agus atá fós ar an bhfód sa lá atá inniu ann.

Léiriú An Filleadh

Léireoidh Gaelcholáiste an Phiarsaigh ó Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, An Filleadh ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach sa phríomhchathair ar 4.00in Luan Cásca mar cheann de bhuaicphointí Fhéile na Físe arna eagrú ag Conradh na Gaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2016 freisin. Is é An Filleadh an t-aon dráma as Gaeilge atá beartaithe go dtí seo ag Amharclann na Mainistreach a léiriú i 2016, agus is dráma é a scríobh Alan Titley go speisialta d’Fhéile an Físe de chuid Chonradh na Gaeilge.

Clár Chomóradh 2016 Chonradh na Gaeilge

Is mar chuid de Chlár Chomóradh 2016 de chuid Chonradh na Gaeilge atá imeachtaí Luan Cásca 2016 á reáchtáil i lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath ag 6 Sráid Fhearchair agus in Amharclann na Mainistreach. Sa bhreis ar imeachtaí teaghlaigh Radharc ar an Réabhlóid, tá 15,000 leathanaigh den iris An Claidheamh Soluis á ndigitiú ag Conradh na Gaeilge, agus tá atheagar á chur ar ábhair chartlainne an Chonartha agus cuid den bhailiúchán á cur ar fáil ar-líne den chéad uair. Tá sraith de sheimineáir dhátheangacha dar teideal Plé 16 á reáchtáil ar fud na hÉireann agus thar lear chomh maith, seimineáir a dhíreoidh ar an ról lárnach a ghlac baill an Chonartha sna himeachtaí roimh an Éirí Amach, ar an tsaoirse inchinne a bhí fite fuaite le gluaiseacht na Gaeilge, ar ról na mban san Athbheochan Chultúrtha, agus ar thodhchaí an chultúir Ghaelaigh. Reáchtáladh Féile na Físe sna mílte scoileanna ar Lá an Fhorógra (15 Márta 2016) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2016, tá ceardlanna idirghníomhacha ar siúl mar chuid de Sheó Bóthair Chonradh na Gaeilge sna scoileanna, agus tá taispeántas soghluaiste speisialta ag taisteal ó cheann ceann na hÉireann agus thar sáile.

Radharc ar an Réabhlóid

Is imeacht mór poiblí é Radharc ar an Réabhlóid arna eagrú ag RTÉ 1916 in áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath Luan Cásca 2016. Beidh na céadta caint, turais siúil, ceol, damhsa, ealaín sráide, téatar sráide agus pointí machnaimh agus ceiliúrtha ar bun. Beidh sí mar aidhm ag Radharc ar an Réabhlóid imeacht lae a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann de gach aois chun an tÉirí Amach agus ár gcaidreamh leis, sa stair agus sa lá atá inniu ann, a fhiosrú. Beidh an t-imeacht ar siúl ar an dá thaobh den Life agus ar an abhainn féin. Cuireadh poiblí atá ann chun an eachtra thábhachtach seo inár stair chomhchoiteann a chomóradh, a cheiliúradh agus a thuiscint.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.