Skip to main content

Forógra na Cásca

Posted in Comóradh 2016.

Forógra na Cásca 1916Le blianta beaga anuas, ba é ceann de na heasnaimh is mó i searmanais chomórtha an Éirí Amach ná an easpa cinnteachta faoin leagan Gaeilge den fhorógra. Is fíor nár scríobh ceannairí an Éirí Amach leagan Gaeilge iad féin, ach tá neart leaganacha éagsúla ar fáil, agus cúpla leagan fiú in úsáid go poiblí.

De réir aiseolais faighte ag an gConradh ón bpobal, ní raibh leagan sásúil oifigiúil Gaeilge den Fhorógra ar fáil go bhféadfaí a úsáid in imeachtaí a bhaineann leis an gComóradh, in ainneoin na suime móire a bhí ag ceannairí 1916 sa Ghaeilge, agus an ról lárnach a bhí ag an nGaeilge i gcúlra imeachtaí Sheachtain na Cásca.

Rinne Conradh na Gaeilge iarracht é sin a athrú i mbliana, nuair a iarradh ar an bpobal cuidiú linn aistriúchán sásúil a sholáthar chun go mbeadh moltaí an phobail san áireamh i leagan nua den cháipéis thábhachtach seo inar leagadh síos bunchloch an stáit ó dheas.

Cuireadh na leaganacha éagsúla agus moltaí an phobail faoi bhráid phainéal saineolaithe ó cheann ceann na tíre, agus chuir siad leagan údarásach sásúil ar fáil. Tá toradh an tsaothair sin le feiceáil ach gligeáil ar an íomhá thuas, agus tá póstaer den leagan seo á chur ar fáil tríd An Siopa Leabhar anseo

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.