Féile na Físe
Tá Seachtain na Gaeilge ag ceiliúradh na Gaeilge le catagóir breise imeachtaí a chomhordú in 2016 dar teideal Féile na Físe ón 1-17 Márta 2016. Is é aidhm an imeachta ról na Gaeilge agus cultúr na hÉireann i 1916 a chomóradh agus chur chun cinn agus chun an fhís a bhí ag ceannairí an Éirí Amach d’Éirinn, a spreag an Athbheochan Chultúir, a chur in iúl.
Féile na Físe i Scoileanna
Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag reáchtáil Lá an Fhorógra in institiúidí oideachais ar 15 Márta 2016. Ardófar Brat na hÉireann agus léifear Forógra na hÉireann i scoileanna ar fud na tíre. Ansin mar chuid den lá céanna, ceiliúrfaidh siad Féile na Físe. Beidh drámaí (tá dráma speisialta ag Alan Titley coimisiúnaithe), amhránaíocht (Oró Sé Do Bheatha Bhaile, leagan speisialta), rince, cluichí Gaelacha agus eile.
Féile na Físe sa Phobal
Tá fáilte roimh ghrúpaí pobail Féile na Físe a cheiliúradh chomh maith, ar an dáta céanna nó eile, i gcomhar le scoileanna áitiúla nó leo féin. Cuirfear imeachtaí Fhéile na Físe chun cinn go mór sna mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2106 Más maith le do ghrúpa páirt a ghlacadh nó níos mó eolais a fháil faoi Fhéile na Físe, déan teagmháil le Sinéad Ní Dhomhnaill ag