Skip to main content

Cartlann & Taispeántas

Posted in Comóradh 2016.

An Claidheamh Soluis 1913Is iomaí athrú a tháinig ar chultúr agus ar shochaí na hÉireann ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893, agus bhí ról lárnach ag Conradh na Gaeilge sna hathruithe sin. Is iad na cáipéisí agus na foilseacháin a cruthaíodh le linn na hoibre seo uilig an fhianaise is fearr atá againn ar na hathruithe sin agus ar ról Chonradh na Gaeilge agus ról na gConraitheoirí iontu. Mar cheann de na tionscnaimh is tábhachtaí atá á maoiniú ag Éire 2016, beimid ag déanamh iarracht chórasach chomhordaithe eagar a chur ar bhailiúcháin cháipéisí Chonradh na Gaeilge, iad a chaomhnú, agus a chur faoi bhráid an phobail ar bhealaí comhaimseartha cruthaitheacha.

Digitiú
Faoi láthair tá an obair ar dhigitiú An Claidheamh Soluis agus ar cháipéisí tábhachtacha eile faoi lán seoil. Is obair chrua, dhúshlánach í seo, ina mbeidh breis is 15,000 leathanach á bpróiseáil. Mar thoradh ar an obair seo uilig, beidh na foinsí dátheangacha is tábhachtaí ar Éirinn ag tús an 20ú haois ar fáil go furasta ag aos léinn, páistí scoile, taighdeoirí agus pobal na cruinne den chéad uair riamh. Beidh naisc rochtana ar An Claidheamh Soluis ar fáil ar cnag.ie agus ar issuu. Méadófar líon na gcáipéisí ar líne de réir a chéile.

Caomhnú
De bharr aois na gcáipéisí atá i seilbh Chonradh na Gaeilge, tá géarghá le hobair chaomhnaithe a dhéanamh ar na cóipeanna ceangailte den Claidheamh Soluis agus ar leabhar na gCraobhacha ach go háirithe. Beidh an obair seo ag leanúint ar aghaidh i rith na bliana.

Taispeántas
Tá taispeántas soghluaiste bunaithe ar cháipéisí atá i mbailiúcháin Chonradh na Gaeilge curtha i dtoll a chéile againn. Tugann an taispeántas seo léargas ar an ról a bhí ag gluaiseacht Athbheochan na Gaeilge i stair na hÉireann agus i saol cheannairí Éirí Amach na Cásca. Is féidir cóip iomlán den taispeántas seo a cheannach nó ceann a fháil ar iasacht ar feadh achair ghairid ach teagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.