Seimineáir Plé 16
Tá sraith seimineár á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear in 2016 chun comóradh a dhéanamh ar oidhreacht athbheochan na Gaeilge. Is í aidhm na seimineár seo comhrá níos leithne a spreagadh i measc an phobail faoi ról na Gaeilge sna himeachtaí a raibh an tÉirí Amach mar thoradh orthu, agus a bhfuil i ndán dúinn mar phobal Gaelach amach anseo.
Beidh imeachtaí éagsúla ar siúl i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste, Doire, Ros Muc, An tAonach, Nua-Eabhrac, agus i mBostún. Beimid ag comhoibriú le hOifig na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Glór na nGael, Oireachtas na Gaeilge agus Áras Glucksman na hÉireann in Ollscoil Nua-Eabhrac. Gabhaimid buíochas ach go háirithe le hÍte Ní Chionnaith, le hAonghus Dwane, Hilary Mhic Suibhne, Brian Ó Conchubhair, Frances Mulraney, Liam Ó Maolaodha, agus Nora Welby as ucht a gcuid cabhrach agus comhairle agus muid ag eagrú na seimineár seo.
Ta súil againn go mbainfidh na rannpháirtithe uilig (idir chainteoirí agus lucht freastail) taitneamh agus tairbhe as na seimineáir seo. Beidh siad ina n-ábhar machnaimh dúinn go léir – iad ag méadú ár bhfeasachta ar oidhreacht ghluaiseacht na Gaeilge agus ar Éirí Amach na Cásca. Cuideoidh siad linn cás na Gaeilge agus staid na hÉireann sa lá atá inniu ann a thuiscint agus tabharfaidh siad ardú meanman agus spreagadh dúinn le haghaidh na ndúshlán atá romhainn mar phobal.
Seimineáir Plé 16
1:
Áiléar Eolaíochta Choláiste na Tríonóide
23.11.15, 7pm
Cad is brí le ‘Saor agus Gaelach’ i 2016?
Seimineár Dátheangach eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide
Déanfaidh an Seimineár seo cíoradh ar ráiteas cáiliúil Phádraig Mhic Piarais a raibh sé mar aidhm aige Éire, “ní amháin saor, ach Gaelach chomh maith, ní amháin Gaelach, ach saor chomh maith.”
Cad is brí leis an ráiteas sin in 2016?
I measc na saineolaithe a bheidh i mbun díospóireachta beidh:
Eunan O’Halpin
Ollamh, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Allan MacInnes
Ollamh, Ollscoil Shraith Chluaidh, Glaschú
Michael Burrows
Easpag Chaiseal agus Osraí, Eaglais na hÉireann
Íte Ní Chionnaith
Léachtóír agus Iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge
Mary Harris
Léachtóir Sinsearach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Chris McGimpsey
Iar-chomhairleoir Cathrach, Ball de Pháirtí Aontachtach Uladh
2:
Teach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath
26.1.16, 7pm
Tábhacht na Gaeilge don Fhéiniúlacht Éireannach
Seimineár Dátheangach eagraithe ag Conradh na Gaeilge
Déanfaidh an Seimineár seo scrúdú ar an nasc idir an Ghaeilge agus ár bhféiniúlacht. An ann di go fóill sa 21ú Aois? Conas ar thuig glúin Éirí Amach na Cásca é? Conas gur féidir linn an Ghaeilge a neartú i ndomhan an lae inniu?
I measc na saineolaithe a bheidh i mbun díospóireachta beidh:
Michael McDowell
Abhcóide Sinsearch, Iar-Aire Dlí agus Cirt
Máirtín Ó Muilleoir
Iar-Ardmhéara Bhéal Feirste, Ball de Shinn Féin
Caitríona Ní Chléirchín
File
Fiach MacConghail
Seanadóir agus Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach
Caisleán Bhaile Átha Cliath
26-28.2.16
3
Conradh na Gaeilge agus Saoirse Intinne
Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge
Beidh Ard Fheis an-speisialta againn i mbliana, ócáid stairiúil in ionad stairiúil: Caisleán Bhaile Átha Cliath. Tosnófar an Ard-Fheis oíche Dé hAoine an 26.2.16 le hóráid ó Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, agus beidh seimineár ar siúl díreach ina dhiadh ina mbeidh fealsúnacht Chonradh na Gaeilge á plé. Chomh maith leis sin, beidh Dinnéar na hArd-Fheise ar siúl i bProinnteach Choláiste na Tríonóide oíche Dé Sathairn an 27.2.16.
I measc na saineolaithe a bheidh i mbun díospóireachta Dé hAoine beidh:
Peadar Kirby
Ollamh Emeritus, Ollscoil Luimnigh
Regina Uí Chollatáin
Ceann Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Colm Ó Néill
Leas-Uachtarán, Aontas na Mac Léinn
Cóilín Ó Cearbhaill
Uachtarán Chonradh na Gaeilge
Áras Glucksman na hÉireann, Nua Eabhrac
5.3.16, 11 am
4:
Casadh an tSúgáin:
Meiriceá, Éire Ghaelach, Oideachas agus Polaitíocht
Siompóisiam, Taispeántas agus Léacht eagraithe ag Áras Glucksman na hÉireann agus Conradh na Gaeilge
Bíonn gaol láidir idir cearta teanga agus cúrsaí polaitíochta. De réir a chéile athraíodh tuairimí roinnt gaelgeoirí ag deireadh na naoú haoise déag ó oideachas amháin chuig oideachas mar pháirt de cheist i bhfad níos leithne: oideachas, náisiúnachas agus réabhlóid. Is é seo a bheidh á phlé ag an ócáid stairiúil seo i Nua-Eabhrac, nuair a sheolfaidh Conradh na Gaeilge ár dtaispeántas stairiúil “Athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca” in Áras Glucksman na hÉireann in Ollscoil Nua Eabhrac.
Beidh na Sonraí uilig ar fáil sar i bhfad ar irelandhouse.fas.nyu/object/languageandpolitics agus cnag.ie
Is féidir ticéad a chur in áirithe ach ríomhphost a sheoladh chuig:
5:
Dún Mhuire, An tAonach
Ról na mBan san
Athbheochan Chultúrtha
23.4.16, 12pm
Seimineár Dátheangach eagraithe ag Conradh na Gaeilge
Déanfaidh an seimineár seo ceiliúradh agus comóradh ar na hiliomaid ban a bhí gníomhach sna gluaiseachtaí cultúrtha agus sóisialta a d’athraigh sochaí na hÉireann as cuimse ag tús na 20ú haoise. Beidh béim faoi leith ar an gcaidreamh idir gluaiseacht na Gaeilge agus gluaiseacht na mBan. An raibh Conradh na Gaeilge agus gluaiseacht na Gaeilge níos forásaí ná grúpaí eile? Ar thug gníomhaíocht i ngluaiseacht na Gaeilge breis misnigh do na mná a bhí ag teacht chun cinn mar ghníomhaithe i ngrúpaí eile?
I measc na saineolaithe a bheidh i mbun díospóireachta beidh:
Katherine McSharry
Stiúirtheoir For-rochtain, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Catherine Morris
Údar, “Alice Milligan and the Irish cultural revival”
Liz Gillis
Údar, Women and the Irish Revolution"
Leabharlann an Linenhall, Béal Feirste
21.5.16, 11 am
Todhchaí an Chultúir Ghaelaigh
Comhdháil Lae eagraithe ag Conradh na Gaeilge
Déanfaidh ceannairí agus baill d’eagraíochtaí agus de ghrúpaí a chuireann lúthchleasa, ceol, cultúr agus teanga na nGael chun cinn scagadh ar a bhfuil bainte amach acu le breis is céad bliain anuas agus conas is féidir comhoibriú níos éifeachtaí a chothú sa chéad bliain eile atá romhainn.
I measc na saineolaithe a bheidh i mbun díospóireachta beidh:
Aogán Ó Fearghail,
Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael
Cóilín Ó Cearbhaill
Uachtarán Chonradh na Gaeilge
Labhrás Ó Murchú,
Stiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann
7:
Comóradh Phobal Boston ar Éirí Amach na Cásca 1916
Óstán Seapoint, Boston
17-19.6.16
Teacht le Chéile Phobal Gaelach Thuaisceart Mheiriceá eagraithe i gcomhar le Glór na nGael agus Consalacht na hÉireann, Boston
Déanfar ceiliúradh ag an ócáid seo ar an nasc daingean idir pobal Boston agus pobal na hÉireann, agus déanfar comóradh freisin ar a ról in imeachtaí 1916. Tosnófar an deireadh seachtaine le hócáid mhór shóisialta oíche Dé hAoine an 17.6, leanfar ar aghaidh le comhdháil lae Dé Sathairn an 18.6 agus críochnófar le ceiliúradh ollmhór ar na hEalaíona ar an Domhnach. Má tá suim agaibh páirt a ghlacadh nó freastal ar an imeacht seo, atá fós á eagrú, is féidir teagmháil a dhéanamh le
8:
Ionad an Phiarsaigh, Ros Muc
1.7.16, 8pm
An Ghaeltacht agus Athbheochan na Gaeilge
Seimineár eagraithe ag Conradh na Gaeilge mar chuid den Tionól Gaeltachta 2016
Déanfaidh an seimineár seo cíoradh ar stair na Gaeltachta mar choincheap, agus an caidreamh idir muintir na Gaeltachta agus gníomhaithe na hAthbheochana. Cén stair a bhaineann leis an gcaidreamhsin? Cén todhchaí atá i ndán dó?
I measc na saineolaithe a bheidh i mbun díospóireachta beidh:
Daithí Mac Cárthaigh
Abhcóide agus Iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge
Seosamh Ó Cuaig
Iarbhall de Chearta Sibhialta na Gaeltachta
Edel Ní Churraoin
Láithreoir le Raidió Fáilte
Caitríona Ó Torna
Údar “Cruthú na Gaeltachta 1893-1922”
9:
Culturlann Uí Chanáin, Doire
20.8.16, 11am
Cearta Teanga, Inné agus Inniu
Comhdháil Dhátheangach eagraithe ag Conradh na Gaeilge
Pléifear ceist na gCearta Teanga ag an gComhdháil Lae seo.
I ndá phainéal éagsúla agus i bplé poiblí, déanfar cíoradh ar stair na bhfeachtas cearta teanga in Éirinn agus i gcéin, agus ceist na gcearta teanga sa lá atá inniu ann. Cá bhfuil ár dtriall inniu? Cad is féidir linn foghlaim ó phobail agus ó dhlínsí eile?
I measc na gcainteoirí a bheidh i láthair ag an gcomhdháil seo beidh:
Rónán Ó Domhnaill
An Coimisinéir Teanga
Meri Huws
Coimisinéir Teanga na Breataine Bige
Tomás Mac Síomóin
Údar agus Fealsúnaí
Micheál Ó Flannagáin
Dlíodóir, Baill de Craobh na Cúirte, Conradh na Gaeilge
Diarmaid Ua Bruadair
Príomhoide, Gaelcholáiste Dhoire
10:
Iarsmalann an Phiarsaigh, Ráth Fearnáin
24.9.16, 11am
Fealsúnacht Oideachais an Phiarsaigh
Comhdháil Dhátheangach eagraithe ag Conradh na Gaeilge
Pleiféar oidhreacht Scoil Éanna agus fealsúnacht chuimsitheach oideachais an Phiarsaigh ag an gcomhdháil lae seo. Céard iad na smaointe a raibh an tionchar is mó acu ar an bPiarsach? Conas a chuir sé an smaointeoireacht sin i bhfeidhm? An raibh tionchar aige ar pholasaithe an stáit nua i leith an oideachais tar éis 1922?
I measc na gcainteoirí a bhéas i láthair ag an gcomhdháil seo beidh:
Séamus Ó Buachalla
Údar “The Educational Writings of P.H. Pearse”
Brendan Walsh
Léachtóir i Roinn an Oideachais, OCBÁC
Róisín Ní Ghairbhí
Údar “16 Lives: Willie Pearse”
Séamas Ó Donnghaile
Príomhoide, Bunscoil Mhic Reachtain
Fionntan de Brún
Léachtóir Sinsearach le Gaeilge, Ollscoil Uladh
11:
Oireachtas na Samhna, Cill Airne
5.11.16, 11am
Ceachtanna an Chomóraidh: Spriocanna nua do Phobal na Gaeilge?
Seimineár an Oireachtais eagraithe ag Conradh na Gaeilge
Déanfar cíoradh ag an seimineár seo ar Chomóradh Éirí Amach na Cásca in 2016. Ar éirigh leis? An bhfuil dioscúrsa, dearcadh nua, nó spiorad nua le tabhairt faoi deara dá bharr? Conas a dhéanfaidh muid comóradh ar 1916 in 2066 nó i 2116? An féidir linn spriocanna réalaíoch a leagan amach do phobal na Gaeilge do na blianta atá romhainn?
I measc na gcainteoirí a bhéas i láthair ag an seimineár seo beidh:
John Concannon
Stiúrthóir, Éire 2016
Gearóid Ó Tuathaigh
Ollamh Emeritus le Stair, OÉ, Gaillimh
Julian de Spáinn
Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge
Anne McCabe
Stiúrthóir Ealaíne, Taibhdhearc na Gaillimhe