Craobhacha
Chomhpháirteacha
Is éard atá i gceist le Craobh Chomhpháirteach ná grúpa Gaeilge lena stádas dlí féin atá ag iarraidh fós a bheith páirteach i gConradh na Gaeilge (mar shampla comharchumann Gaeltachta, grúpa Gaeilge le stádas cuideachta acu cheana féin, srl.).
Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola
Craobh Comhpháirteach
Na Gaeil Óga CLG
Craobh Comhpháirteach
Buntáistí agus Deiseanna do Chraobhacha
Oidhreacht
Beidh sibh páirteach in eagraíocht atá ag neartú pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó 1893.
Tionchar
Beidh an deis agat mianta an phobail ina bhfuil tú ag obair a chur chun cinn agus a chur ar chlár oibre an Chonartha.
Bheadh sibh i dteideal beirt a mholadh lena dtoghadh mar bhaill den Choiste Gnó agus trí rún, nach leasaithe bunreachta iad, a mholadh ag an Ard-fheis.
Rochtain
Beidh sibh mar chuid de líonra de 200+ craobh trasna 22 tír agus bheadh sibh luaite ar shuíomh Chonradh na Gaeilge- tá seans go meallfaidh seo tuilleadh daoine le Gaeilge in bhur dtreo
Eolas
Beidh sibh ag croílár athbheochan na Gaeilge ag fáil eolas faoi fheachtais agus imeachtaí Chonradh na Gaeilge, agus gheobhaidh sibh tosaíocht maidir le maoiniú breise, oiliúint, agus tionscadail nua ón gConradh.
Cuirfear traenáil ar fáil do bhaill an choiste, más gá, i dtaobh eagrúcháin, poiblíochta, cúrsaí cruinnithe, stocaireachta agus aon rud eile a bheidh de dhíth.
Poiblíocht Idirnáisiúnta
Cuirtear fáilte roimh gach craobh scéalta a chur isteach inár nuachtlitir mhíosúil ionas go mbíonn craobhacha agus baill aonair uile an Chonartha ar fud an domhain ar an eolas faoi imeachtaí ar son na Gaeilge. Is féidir scéalta a scaipeadh trí leathanach Instagram, Facebook agus Twitter an Chonartha chomh maith. Seol na sonraí chuig:
Pointe Teagmhála
Is pointe teagmhála le saol na Gaeilge é Conradh na Gaeilge dá gcraobhacha.
Is tríd an eagraíocht gur féidir le craobhacha aithne a chur ar ghníomhairí teanga eile san earnáil, eolas a fháil ar na feachtais is tábhachtaí atá idir lámha i dtaca leis an teanga, páirt a ghlacadh in imeachtaí sóisialta trí mheán na Gaeilge, agus smaointe maidir le spreagadh na teanga a phlé agus a chur chun cinn san fhóram daonlathach seo.
Nuacht
Faigheann gach craobh cóip bog den nuachtlitir gach mí, agus scaipfear eolas maidir le feachtais agus maidir le mórimeachtaí na heagraíochta tríd an ngréasán seo de na baill i dtosach báire. Glac páirt sa ghréasán!
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Craobh Comhpháirteach
Laochra Loch Lao CLG
Craobh Comhpháirteach
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
Craobh Comhpháirteach
Ceisteanna Coitianta
Tá grúpaí den tsaghas seo in ann clárú mar Chraobh Chomhpháirteach le Conradh na Gaeilge agus páirt a ghlacadh san eagraíocht, ar nós rúin Ard-Fheise a mholadh (seachas rúin bunreachta), daoine a thoghadh don Choiste Gnó, freastail ar imeachtaí den eagraíocht, srl. Leanfaidh an Chraobh Comhpháirteach, áfach, lena freagrachtaí rialachais fhéin a bhaineann lena stádas mar chuideachta nó eile agus ní faoin rialachas a bhaineann leis an stádas iontaobhais atá ag an gConradh.
Is féidir anois do chraobh a chlárú / athchlárú ar-líne ag baint úsáid as an bhfoirm ANSEO. Glactar le cárta nó dochar díreach mar íocaíocht.
NÓ
Déan Foirm Chlárúcháin a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge mar aon leis an táille bhallraíochta cuí (€50 ar bhliain amháin, €150 ar 3 bhliana agus €250 ar 5 bhliana).
*Is gá an fhoirm agus an táille a bheith againn ar a laghad 10 seachtain roimh na hArd-Fheise le bheith i dteideal vótaí a chaiteamh.
*Tá sé ríthábhachtach go bhfuil sonraí reatha ag an Ard-Oifig ionas go bhfaighfidh gach craobh comhfhreagras rialta.
Is é an táille reatha ná €50 in aghaidh na bliana.
Tá craobh eagraíochtaí mar bhunaonad Chonradh na Gaeilge.
Tá a stádas dleathúil féin ag craobhacha comhpháirteacha. Ní bheidh aon bhaint ag an Eagraíocht le hairgeadas, árachas, dlisteanas nó eile den chraobh comhpháirteach. Baineann na cúrsaí seo leis an craobh comhpháirteach fhéin
Má tá aon cheist eile a bhaineann le ballraíocht chomhpháirteach le Conradh na Gaeilge, le do thoil téigh i dteagmháil le Meadhbh Ní Cheallacháin, ár dTimire Náisiúnta ag
Teagmháil
Má tá ceist agat faoi bhallraíocht chomhpháirteach le do thoil déan teagmháil le Meadhbh Ní Cheallacháin, ár dTimire Náisiúnta.
Rphost:
Guthán: +353 (87) 102 9092
