Díomá agus Frustrachas ar Chonradh na Gaeilge faoin Tarraingt Siar ar chuid de Ghealltanais Réamh-thoghcháin

Aireachtaí Oideachais agus Pobail faoi chúram an DUP mar bhagairt d’fhorbairt agus do chosaint na Gaeilge ó thuaidh
Cruinnithe éigeandála á lorg le Sinn Féin agus an DUP

#GaelVóta i dtoghchán an Tionóil 2016Fógraíodh inniu (25 Bealtaine 2016) gur ainmníodh na hAirí sa chéad Fheidhmeannas nua ó thuaidh. Mar chuid d’éilimh phobal na Gaeilge arna aontú ag breis ‘s 80 grúpa pobail Gaeilge luadh go sonrach a) go gceapfaí Aire Pobail a bheadh báúil don Ghaeilge agus a bheadh ábalta mianta phobal na Gaeilge a chur chun tosaigh; agus b) Go gceapfaí Aire Oideachais a thacódh leis an Ghaeilge sa chóras oideachais agus a chinnteodh forbairt leanúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta.

In ainneoin gur aontaigh ionadaithe (43 Comhalta Tionóil ar fad) ó cheithre pháirtí (Sinn Féin, SDLP, Pobal roimh Bhrabús, Alliance) leis na héilimh seo ar fad, ceapadh Airí de chuid an DUP, nár aontaigh le héilimh phobal na Gaeilge, i gceannas ar an Roinn Oideachais agus ar an Roinn Pobail.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá díomá agus frustrachas ar Chonradh na Gaeilge nár ceapadh Airí a thacaigh le héilimh phobal na Gaeilge i gceannas ar an Roinn Oideachais agus ar an Roinn Pobail. Is cinnte gur ligeadh an 80+ grúpa Gaeilge síos a bhí a lorg airí tiomanta don teanga sna haireachtaí ríthábhachtacha seo. Ar a bharr sin, níl aon tagairt shonrach don Ghaeilge sna moltaí atá feicthe againn don chlár rialtais 2016-20 nó aon eolas breise maidir leis an tríú éileamh a bhí ag pobal na Gaeilge maidir le maoiniú breise. Is céim siar agus ábhar imní í seo. Ardaíonn sé ceisteanna bunúsacha faoi stádas na Gaeilge ó thuaidh trí chéile agus toil na bpolaiteoirí freastail ar an phobal seo”.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:

“Shínigh 43 Comhalta Tionóil suas leis na trí éilimh seo a aontaíodh ag breis agus 80 grúpa pobail Gaeilge. Bhí muinín againn go ndéanfadh na páirtithe sin beart de réir briathair, ach léiríonn fógraí an lae inniu gur theip ar na páirtithe agus ar na hionadaithe sin a ngealltanas a chomhlíonadh i leith na n-éileamh seo.

“Tá cruinnithe éigeandála á lorg ag Conradh na Gaeilge le Sinn Féin agus an DUP chun todhchaí na réimsí seo, Oideachas agus Pobal, a fhiosrú agus chun seasamh na bpáirtithe i leith fhorbairt na Gaeilge san fheidhmeannas ó thuaidh a shoiléiriú”.

Tá tuilleadh eolais faoi na bearta ionadaíochta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus faoi éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile ar fáil ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó leis an haischlib #GaelVóta ar Twitter. Tá gach páirtí polaitíochta agus iarrthóir toghcháin ó thuaidh a thug tacaíocht oifigiúil do trí mhóréileamh phobal na Gaeilge go dtí seo foilsithe ar shuíomh Chonradh na Gaeilge ar www.cnag.ie/gaelvota mar chuid den fheachtas #GaelVóta.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge