Díomá agus fearg nár glacadh le hAcht nó le Straitéis na Gaeilge ag an Fheidhmeannas ó thuaidh

Acht Gaeilge AnoisBeidh idir díomá agus fearg ar an phobal nár glacadh le hAcht agus Straitéis na Gaeilge ag an Fheidhmeannas inniu (10/03/16). Tugadh le fios gur ghlac an tAire Carál Ní Chuilín an tAcht os comhair an fheidhmeannais ach gur chaith na Páirtithe Aontachtaithe agus Páirtí na Comhghuaillíochta vóta ina n-éadan. 

Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:

“Bhí deis iontach ag an fheidhmeannas tacú le mianta an phobail trí ghlacadh le moltaí an Achta agus an Straitéis fhorbartha a cuireadh faoina mbráid. Ar an drochuair, cailleadh an deis seo agus cailleadh deis eile cearta phobal na Gaeilge a chinntiú trí Acht ceart bhunaithe a chur i bhfeidhm. Léiríodh arís go bhfuil tacaíocht leathan ann do reachtaíocht cosanta don Ghaeilge anseo agus ghlac breis is 13,000 páirt sa phróiseas comhairliúchán ar Bhille na Gaeilge. Bhí beagnach 95% dóibh siúd ar son an Achta. Ar a bharr, i gClár Rialtais 2011-2015 an Fheidhmeannais, tá forbairt straitéise don Ghaeilge mar chroí-bhunchloch faoi Thosaíocht 4 de Chlár “Pobal Láidir agus Comhroinnte a Chothú’. Tá sé do-ghlactha nach féidir leis an fheidhmeannas a gclár rialtais féin a chur i gcrích.

"In ainneoin an bhuille throm don Acht agus Straitéis inniu, leanfar ar aghaidh leis an stocaireacht agus éilíonn muid ar Rialtas na Breataine, a rinne an gealltanas i dtaobh an Achta an chéad uair i gComhaontú Chill Rímhinn, beart de réir briathair a dhéanamh agus dualgais idirnáisiúnta a chomhlánú.”

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill:

“Léiríonn na suirbhéanna agus pobal-bhreitheanna atá déanta againn agus ag dreamanna eile go bhfuil tacaíocht leathan ann don Ghaeilge ó thuaidh. Tá an tacaíocht seo ag méadú i rith ama. Is trua, mar sin, nach n-aithnítear an deá thoil seo ag leibhéal an fheidhmeannais. Cuirimid fáilte roimh aon dream nó páirtí atá in éadan an Achta nó na Straitéise a gcuid buaireamh a phlé linn ach ní mór cearta pobal na Gaeilge a chinntiú trí bhille láidir ceart – bhunaithe a reachtú. Is ábhar náire é gurb é an pobal Gaeilge ó thuaidh an t-aon dream sna hoileáin seo nach bhfuil reachtaíocht cosanta acu don teanga.

"Is ceist cearta í seo agus tá dualgais ar gach polaiteoir agus páirtí cearta lucht labhartha na Gaeilge a dhaingniú i reachtaíocht agus na huirlisí a thabhairt don phobal, a ghlac páirt i gcomhairliúcháin an rialtais go fonnmhar agus le díograis, forbairt na Gaeilge a thiomáint sna blianta amach romhainn. Is trí reachtaíocht ceart-bhunaithe a dhéanfar seo.”

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge