Tacaíocht don Ghaeilge ag Treisiú i gCónaí

Ach tuairim an phobail nach bhfuil go leor á dhéanamh ag na Rialtais ar son na teanga méadaithe go suntasach freisin

D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh thuarascáil taighde uile-oileáin neamhspleách de chuid na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) a foilsíodh inniu (Dé hAoine, 7 Lúnasa 2015), taighde a thugann le fios go bhfuil dearcadh dearfach i leith na Gaeilge tar éis fás ó dheas ó 49% in 2001 go 67% in 2013, agus ó thuaidh ó 29% in 2001 go 45% in 2013. Léirítear sa tuarascáil chéanna gur tháinig méadú suntasach ar líon na ndaoine ar fud an oileáin a chreideann nach bhfuil a dhóthain á déanamh ag na Rialtais ar son na Gaeilge – ó 15% in 2001 go 37% in 2013 ó dheas agus ó 15% in 2001 go 29% in 2013 ó thuaidh – agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar na Rialtais gníomhú ar son na teanga agus seasamh le cearta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar is dual dóibh.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Luaitear sa tuarascáil ESRI go bhfuil easpa deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid ar cheann de na príomhchúinsí a chuireann bac ar dhaoine a bhfuil eolas áirithe acu ar an nGaeilge an teanga a úsáid níos minice, agus cé go bhfuil moladh mór ag dul do na daoine agus do na grúpaí deonacha a chuireann deiseanna ar fáil don phobal chun an Ghaeilge a úsáid, tá ról ag na Rialtais agus ag na comhlachtaí stáit tacú leo chun tuilleadh deiseanna dá leithéid a chur ar fáil.

 

“Léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann le lárionaid Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre freisin, faoi mar atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas, le deiseanna praiticiúla, rialta a chur ar fáil don phobal chun leas a bhaint as an nGaeilge atá acu. Tá deis ag na Rialtais gníomhú ar na moltaí sa suirbhé ESRI seo agus freastal mar is cuí a dhéanamh ar thoil an phobail tabhairt faoin teanga a úsáid, tríd na deiseanna breise úsáidte sin a sholáthar dóibh, thuaidh agus theas.”

Ní raibh obair dhóthanach ar bun ag na Rialtais chomh fada siar le 2001 chun tacaíocht chuí a sholáthar don Ghaeilge, dar le lucht freagartha na suirbhéanna a luaitear sa tuarascáil taighde ESRI a foilsíodh inniu, áit a raibh 15% den phobal in 2001 den tuairim nach raibh dóthain á déanamh ag na Rialtais ar mhaithe leis an teanga, líon a mhéadaigh go suntasach go 37% den phobal ó dheas agus 29% den phobal ó thuaidh in 2013.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá súil ag Conradh na Gaeilge go dtabharfaidh na staitisticí seo an tsúil aniar ag na Rialtais nach leor taighde nó focail gan gníomh, ach gur chóir dóibh aird a thabhairt ar an taighde agus gníomhú ar son na teanga mar thoradh ar na figiúirí seo láithreach. I measc na moltaí atá sa tuarascáil ESRI mar shampla, moltar go mbeadh an Ghaeilge in úsáid níos minice mar theanga teagaisc agus mar ábhar inti féin sna scoileanna thuaidh agus theas. Tagann sé seo le moltaí Chonradh na Gaeilge go múinfí ábhar amháin sa bhreis ar an nGaeilge – gleacaíocht, ealaín, nó drámaíocht mar shampla – trí mheán na Gaeilge sna bunscoileanna ó dheas, agus go mbeadh teangacha ina bpréamhábhair GCSE sna Sé Chontae, rud a éascóidh an rogha do scoileanna an Ghaeilge a theagasc ó thuaidh.

 

“Molann Conradh na Gaeilge freisin go gcuirfí an plean forbartha atá aontaithe ag eagraíochtaí Gaeilge agus ag údaráis Ghaeilge i bhfeidhm mar ábhar práinne, plean ina áirítear moltaí maidir le tuilleadh tacaíochta do thuismitheoirí ag tógáil clainne trí Ghaeilge, maidir le lárionaid Ghaeilge a fhorbairt i gcathracha agus i mbailte ar fud na tíre, agus maidir le hacmhainní a sholáthar leis an bpobal sa Ghaeltacht a chumasú chun pleananna teanga a réiteach agus a chur i bhfeidhm.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar na Rialtais thuaidh agus theas tógáil ar na torthaí dearfacha ó thuarascáil taighde na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, agus dea-thoil an mhórphobail a chothú chun gur féidir le daoine an teanga a úsáid níos minice ó lá go lá.

Tá an tuarascáil ESRI ar dhearcadh an phobail, ar chumas agus úsáid na Gaeilge in Éirinn bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh mar chuid de dhá shuirbhé uile-oileáin a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge in 2001 i gcomhar le Research and Evaluation Services, agus in 2013 leis an gcomhlacht Amárach Research.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge