Tograí faoi choinne Bille na Gaeilge

Tograí faoi choinne Bille na Gaeilge

Sa nasc thuas anseo tá leathanach atá ullmhaithe ag Conradh na Gaeilge mar bhealach iontach gasta freagra a thabhairt ar an chomhairliúchán ar Acht na Gaeilge ó thuaidh. Tá an cháipéis féin dátheangach.

Is féidir seo a chló amach agus iarraidh ar dhaoine é a líonadh isteach nó a líonadh amach ar líne. Is leor ticeanna a chur sna boscaí ach má bhíonn am ag daoine moltaí agus tuairimí a lua ann is amhlaidh is fearr.

Tá an rogha ag daoine iad a chur ar aghaidh chuig an seoladh seo:

Comhodaitheoir Freagairtí

Comhairliúchán ar Bhille Gaeilge

An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta

Leibhéal 7, Malartán an Chabhsa

1-7 Sráid Bedford

Béal Feirste

BT2 7EG

trí ríomhphost chuig: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

nó go díreach iad a fhágáil ar ais chuig ceann de na hionaid Ghaeilge in aice leo agus is féidir linne iad a bhailiú ar an dóigh sin.

Ní neart go cur le chéile!

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge