Éilíonn Conradh na Gaeilge Ar An Aire Pat Rabbitte Seasamh Leis an nGealltanas A Thug Sé

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha Pat Rabbitte seasamh leis an ngealltanas a thug sé ar 29 Samhain 2011 i nDáil Éireann nuair a gheall sé an méad seo a leanas:

‘If there are good reasons to establish a new State agency or commercial entity, I am happy to agree with the Deputy that we should select a suitable name as Gaeilge which would be the brand under which the new company would trade.’

Chuir Conradh na Gaeilge an-fáilte roimh an seasamh seo agus thugamar moladh dó as a thacaíocht le hainmneacha as Gaeilge a chur ar aon ghníomhaireacht nó comhlacht Rialtais nua. Bhíomar ag súil go gcuirfeadh seo le híomhá agus le stádas na Gaeilge. Chuir sé iontas an domhain orainn, mar sin, a chloisteáil gur shínigh an tAire Rabbitte ar 20 Meitheamh 2014 ordú le hainm ‘Bord Gáis Éireann’ a athrú go ‘Ervia’. Níl seo ag teacht leis an méad a bhí le rá aige sa Dáil agus táimid ag éileamh air an t-ordú seo a leasú láithreach.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Bheadh aon phleanálaí teanga in ann a léiriú go bhfuil tacaíocht ag teastáil go hoifigiúil ón Stát le stádas agus le híomhá na Gaeilge a chur chun cinn. Tá an-díomá orainn a chloisteáil go bhfuil an tAire Rabbitte ag moladh ísliú stádais don teanga tríd ainm ‘Bord Gáis Éireann’ a athrú go ‘Ervia’, go háirithe i ndiaidh an méad a dúirt sé i mí na Samhna 2011 sa Dáil gur chóir ainm ábhartha as Gaeilge a roghnú agus go bhfeidhmeodh an gcomhlacht faoin mbranda sin amach anseo. Táimid ag éileamh ar an Aire seasamh leis an méad a dúirt sé, an t-ordú a leasú, agus ainm Ghaeilge a bhaisteadh ar an gcomhlacht stáit.”

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

"Ní chosnódh sé pingin ar an Stát ainm as Gaeilge a chur ar an gcomhlacht nua comhtháite. Chuirfeadh se le stádas agus le híomhá na teanga agus chloífeadh sé go maith leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2012-2030. Is bocht an scéal é go bhfuil ainmneacha nua báistithe ag an Rialtas le déanaí ar chomhlachtaí stáit as Béarla, ar nós 'Electric Ireland' agus 'Irish Water'. Tá seo ag tabhairt ísliú stádais don Ghaeilge in áit ardú stádais a thabhairt di. Tá deis ag an Aire Rabbitte an nós seo a bhriseadh agus an cinneadh ceart a dhéanamh nach mbeadh aon chostas ar an stát leis.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha seasamh leis an méad a dúirt sé le hainm ábhartha as Gaeilge a roghnú agus go bhfeidhmeodh an gcomhlacht faoin mbranda sin amach anseo. Is gá dó, mar sin, an t-ordú a leasú agus ainm Ghaeilge a bhaisteadh ar an gcomhlacht stáit láithreach. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)87 6546673

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 22 Meitheamh 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 180 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge