Is Gá Moltaí an Choimisinéara Teanga Reatha A Chur I bhFeidhm Sula gCeaptar Coimisinéir Nua – Conradh na Gaeilge

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhógairt phost an Choimisinéara Teanga ach tá an-bhuairt ar an gConradh nach bhfuil aon rud déanta ag an Rialtas fós chun na moltaí a rinne An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a chur i bhfeidhm.

Tá Seán Ó Cuirreáin le héirí as oifig ar an 24 Feabhra 2014 agus léirigh sé a mhíshásamh le heaspa tacaíochta an Rialtais do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge nuair a tháinig sé os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Imscrúduithe, Formhaoisiú agus Achainíocha roimh Nollaig. I measc na cúiseanna a luaigh An Coimisinéir Teanga as a chinneadh seasamh siar, rinne sé tagairt d’easpa cur i bhfeidhm na scéimeanna reachtúla teanga; caighdeán na scéimeanna féin; imeallú na teanga sa chóras riaracháin phoiblí; folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla; cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman; easpa acmhainní riachtanacha don Oifig lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán; easpa foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sa státchóras; agus córas lochtach earcaíochta i bpostanna stáit atá le teacht i bhfeidhm in ionad chóras na marcanna bónais.

Mura gcuireann an Rialtas na teipeanna seo ina gceart, tá baol ann nach mbeidh sa Choimisinéir Teanga nua ach Coimisinéir bacach a bheidh ag streachailt leis na deacrachtaí ceannann céanna a bhí ag Seán Ó Cuirreáin chun a chuid oibre a chur i gcrích mar ba mhian leis agus é ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an státchóras.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Mar a mhol an Coimisinéir Teanga reatha, is gá don Stát dearbhú a thabhairt gur i nGaeilge a phléifidh an státchóras le pobal na Gaeltachta gan cheist, gan choinníoll agus go gcinnteofar go mbeidh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí chuige sin. D’fhéadfaí leasú an Acht Teanga a úsáid, i measc nithe eile, chun é sin a chinntiú. Chomh maith leis sin, is gá a dóthain acmhainní a chur ar fáil d’Oifig an Choimisinéara lena dualgas a chur i gcrích go sásúil agus go cuimsitheach.”

Dúirt Íte Ní Chionnaith, ball den ghrúpa feachtais ar son éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta:

“Scannal atá ann go raibh ar Sheán Ó Cuirreáin éirí as a phost de bharr easpa tacaíochta ón Rialtas agus go raibh sé fíorthábhachtach nach bhfágfaí pé Coimisinéir nua a cheapfaí gan dóthain cumhachta ná na hacmhainní cuí.”

I measc na n-éileamh a aontaíodh ag cruinniú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath le déanaí, aontaíodh go gcaithfidh an Rialtas:

  • Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Oifig an Choimisinéara Teanga a láidriú;
  • A chinntiú go mbeidh a ndóthain Gaeilge ag fostaithe an Stáit chun go mbeidh siad in ann freastal go hiomlán as Gaeilge ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016 ar a dhéanaí; agus
  • Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge trí chéile agus go mbeadh na seirbhísí sin ar chomhchaighdeán agus ar chomhchéim leis na seirbhísí as Béarla.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil chomh maith go leanfar próiseas ceart oscailte faoi riar na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí leis an bpost a líonadh agus nach ndéanfaidh an Rialtas ceapachán polaitiúil. Iarrann Conradh na Gaeilge ar an Aire Stáit a chur in iúl go poiblí nach leanfar an treoir seo a leanas atá sa leabhrán a cuireadh ar fáil d’iarrthóirí le spéis sa phost:

"Trí léiriú spéise a chur isteach, glacann an t-iarratasóir leis go ndéanfar an ceapachán i bhfeidhmiú lánrogha reachtúil, nach bhfuil aon dualgas ar an Aire na léirithe spéise a thairgfear a bhreithniú, nach bhfuil sé teoranta do cheapachán a dhéanamh as measc na ndaoine sin a bhfuil spéis léirithe acu agus nach bhfuil sé faoi shrian ag aon ráiteas atá leagtha amach san fhógra seo."

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Íte Ní Chionnaith
Ball, Grúpa Feachtais
+353 (0)1 4536011 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 21 Eanáir 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Éilimh an Ghrúpa Fheachtais:

  1. Is gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus ní a lagú in 2014; áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú leis seo.
  2. Is gá dáta a shocrú go mbeidh Gaeilge líofa ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit.
  3. Is gá an líon earcaíochta san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge a ardú ó 6% go 30% don chéad 10 mbliana eile – ghlacfadh sé breis agus 28 mbliana céatadán na foirne sa Roinn Oideachais agus Scileanna le líofacht sa Ghaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go 3% faoin gcóras nua atá beartaithe ag an Rialtas.
  4. Ní chóir go leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017.
  5. Is gá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh. Is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta láithreach.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge