Tabharfar Cluas Le Fearg an Phobail Ag Cruinniú Poiblí Chonradh na Gaeilge i Halla na Saoirse

Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt deis do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhearg agus a dhíomá a chur in iúl ag cruinniú poiblí i Halla na Saoirse, Cé Éidin, Baile Átha Cliath amárach, Dé Sathairn, 11 Eanáir 2014, ag 12.00. Tá an cruinniú á eagrú mar thoradh ar an ngéarchéim a cruthaíodh nuair a d’fhógair An Coimisinéir Teanga go mbeadh sé ag éirí as oifig ar 24 Feabhra 2014, de bharr na heaspa éisteachta atá faighte aige ón Rialtas ó dheas. Tógfar cinntí ag an gcruinniú le feachtas gníomhaíochta a eagrú le moltaí an Choimisinéara, nár éist an Rialtas leo, a chur chun cinn.

I measc na n-aoichainteoirí ar an lá, labhróidh Seán Mag Leannáin, Iar-Phríomhoifigeach sa Státseirbhís, ag an gcruinniú Dé Sathairn agus beidh Caoimhín Ó hEaghra, Stiúrthóir ar an bhForas Pátrúnachta, ina chathaoirleach ar an bhfóram poiblí seo.

Mar chuid dá chuid cainte ar an lá, déarfaidh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

"Is comhartha é éirí as an gCoimisinéir Teanga ar atá ag tarlú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, le cúpla bliain anuas. Níor éirigh An Coimisinéir Teanga as de bharr nach raibh an toil nó an cumas aige an post a dhéanamh - tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta lánmhuiníneach as cumas an Choimisinéara agus tá rudaí iontacha bainte amach aige ina thréimhse mar Choimisinéir - an fáth gur éirigh sé as, agus nach raibh an dara rogha aige, ná nach raibh an Rialtas ná ardbhainistíocht na státseirbhíse sásta éisteacht leis, ná na moltaí a chur sé chun cinn a thógáil ar bord."

Is iad na héilimh a phléifear ag cruinniú Chonradh na Gaeilge an Satharn beag seo, bunaithe ar mholtaí an Choimisinéara agus eile le ceart agus comhionannas a bhaint amach don teanga, ná:

  • go láidreofaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga;
  • go leagfaí síos spriocdháta faoina mbeadh Gaeilge líofa ag fostaithe an Stáit ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll;
  • go n-ardófaí an líon earcaíochta san earnáil phoiblí ó dheas do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge ó 6% go 30% don chéad 10 mbliana eile;
  • nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
  • go n-aithneofaí an pobal Gaeilge agus Gaeltachta mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Is trua go bhfuil an Rialtas ó dheas ag tabhairt cluas bodhair do mholtaí an Choimisinéara agus do mholtaí phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go leanúnach. Is gá struchtúr oifigiúil ceart a chur ar bun le héisteacht shásúil a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta amach anseo. Ní amháin sin, ach creideann muid go bhfuil na Rialtais ag cailleadh amach ar an luach agus ar na buntáistí a thugann teanga na Gaeilge don tír, bíodh siad sin ina mbuntáistí geilleagair, oideachais, féiniúlachta, uathúlachta nó eile. Is féidir leis an nGaeilge ról tábhachtach a imirt i sárú fhadhbanna na tíre seo ach an tacaíocht cheart a chur ar fáil di."

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 10 Eanáir 2014
Le foilsiú láithreach    

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Éilimh Chonradh na Gaeilge:    

  1. Is gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus ní a lagú in 2014; áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú leis seo.
  2. Is gá dáta a shocrú go mbeidh Gaeilge líofa ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit.
  3. Is gá an líon earcaíochta san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge a ardú ó 6% go 30% don chéad 10 mbliana eile – ghlacfadh sé breis agus 28 mbliana céatadán na foirne sa Roinn Oideachais agus Scileanna le líofacht sa Ghaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go 3% faoin gcóras nua atá beartaithe ag an Rialtas.
  4. Ní chóir go leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017.
  5. Is gá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh. Is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta láithreach.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge