Tacaíonn Conradh na Gaeilge le moladh an leachtóra matamaitice Donnchadha Ó hÉallaithe go bhfágfaí faoi choimisiún neamhspleách saineolaithe (cúigear ar a mhéad) faoi chathaoirleacht bhreitheamh Ardchúirte teorannacha na Gaeltachta a leagan amach de bhun na moltaí sa Staidéar Teangeolaíoch a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad agus stádas A, B nó C ag na ceantair sin dá réir.
Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Ní foláir fráma-ama an-teann a bheith ag a leithéid de choimisiún. Níl aon chúis nach bhféadfaí an obair seo ar fad a chur i gcrích roimh dheireadh na bliana seo.
Freisin, thabharfadh a leithéid deis do na pobail éagsúla cás a dhéanamh faoin rianú atá déanta orthu. Ba chóir ceist seo na teorann a athbhreithniú go tráth rialta mar a dhéantar le teorannacha na ndáilcheantar agus deis a bheith ag pobail iarratas a dhéanamh ar stádas Gaeltachta nó ar ardú stádais."
Dúirt Fionn Mac Giolla Chuda, Urlabhraí Gaeltachta an Chonartha: "Tá práinn nach beag ag baint leis an obair seo. Ní foláir an Ghaeltacht a bheith ina haonad polaitíochta agus riaracháin a reachtálfar trí mheán na Gaeilge: gur trí Ghaeilge feasta gan cheist a riarfar cúrsaí rialtais áitiúil agus pleanála, cúrsaí sláinte agus oideachais, na gardaí agus na cúirteanna agus mar sin de. Ní féidir a leithéid a thabhairt i gcrích agus stráicí móra Galltachta san áireamh mar Ghaeltacht oifigiúil."
Tuilleadh eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364
Fionn Mac Giolla Chuda
Urlabhraí Gaeltachta, Conradh na Gaeilge.
087 2437963