Skip to main content

‘Céad Míle Fáilte’ do Phobail Nua ag Foghlaim na Gaeilge

Bronnadh déanta ag Conradh na Gaeilge ar phobal Íogbóise, Araibise & Úcráinise a ghlac páirt san fheachtas Céad Míle Fáilte

Bhailigh grúpaí ó Phobail Nua na hÉireann i mBaile Átha Cliath ar an Satharn don imeacht ‘Céad Míle Fáilte’ de chuid Chonradh na Gaeilge, ceiliúradh a thugann daoine ó chúlraí éagsúla atá tagtha go hÉirinn le chéile leis an Ghaeilge a fhoghlaim. Ghlac aíonna ó chúlraí teanga éagsúla páirt san imeacht, Íogbóch, Úcráinis agus Araibis san áireamh.

Tagann an obair seo ag am a bhfuil níos mó agus níos mó daoine atá tagtha go hÉirinn ag léiriú suime i dteanga agus cultúr na tíre, agus tá sé mar aidhm ag Céad Míle Fáilte na mianta seo a shásamh.

Mar chuid den togra tá sraith ranganna eagraithe, scoláireachtaí bronnta ar dhaltaí le freastal ar chúrsaí Gaeltachta, ceardlanna taighde déanta faoin bhfoclaíocht cuí le húsáid agus tá lámhleabhair curtha ar fáil le Gaeilge a fhoghlaim trí theangacha éagsúla.

Uju Ekedozie Pobal Íogbóise i bPort Láirge

Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:

Táim an-sásta a bheith ag tacú leis an togra fíor-thábhachtach seo inniu. Is iontach an rud é go bhfuil sochaí ilchultúrtha, ilteangach, ilchineálach againn in Éirinn na linne seo, agus is seoid luachmhar chultúir í an Ghaeilge, seoid ar féidir a roinnt le gach duine. Ba chóir go mbeadh gach deis ar fáil do gach duine chun sult agus tairbhe a bhaint aisti. Tá ról tábhachtach ag an teanga ag cabhrú lenár bPobail Nua imeascadh le sochaí na hÉireann.

Tá sí mar aidhm ag Conradh na Gaeilge gach tacaíocht a chur ar fáil do phobail áitiúla chun íomhá dhearfach den teanga a chothú i measc gach duine atá ina chónaí anseo. Tá an togra seo lárnach mar chuid den sprioc sin agus ba mhaith liom mo fhíor-bhuíochas a ghabháil le Foras na Gaeilge as ucht cabhrú linn leis an togra in 2022.

Seán_Ó_Murchadha_Conradh_na_Gaeilge___Wuraola_Majekodunmi_Bean_an_Tí_ón_imeacht_agus_ball_de_bhord_Fhoras_na_Gaeilge__Seán_Ó_Coinn_Príomhfheidhmeannach_Fhoras_na_Gaeilge__Amira_Balogun_gur_bronnadh_scoláir.JPG

Dúirt Hafi Saaf, Áisitheoir leis an Phobal Siriach i nDún Pádraig, Co. an Dúin:

“Tá an Pobal Shiriach, atáim ag obair leo, ag baint an-sult as ag foghlaim faoin Ghaeilge agus cultúr na hÉireann. Is é seo a mbaile anois agus tá siad an-tógtha le bheith mar chuid den phobal anseo agus dul i dtaithí ar gach réimse den chultúr anseo.

Tá Céad Míle Fáilte tar éis cabhrú leo go mór le tuiscint faoi cé chomh lárnach is atá an Gaeilge do chultúr agus féiniúlacht na hÉireann. Tá a fhios agam go bhfuilim ag labhairt ar son na bpobal éagsúla anseo inniu agus mé ag gabháil buíochais do Chonradh na Gaeilge ar son an spás seo a chruthaigh siad dúinn chun tairbhe agus sult a bhaint as an Ghaeilge.”

Rannpháirithe_Céad_Míle_Fáilte.JPG

Tá an scéim Céad Míle Fáilte a reachtáladh in 2022 maoinithe ag Foras na Gaeilge.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.