Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht

Tabharfar deis do phobal na Gaeltachta agus d’eagraíochtaí Ghaeltachta plé a dhéanamh ar Pholasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht ag seimineár ar líne atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge Déardaoin 22 Aibreán ó 10.00 - 12.00.

Tabharfaidh Darragh O Brien TD, an tAire Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta, aitheasc oscailte an tseimineáir, tráth a labhróidh sé faoi dhearcadh a Roinne, agus na beartais atá á ghlacadh ag a Roinn, chun tabhairt faoi chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht mar chuid den chóras pleanála.

Déanfaidh Dáithí Mac Cárthaigh cur i láthair ar chúrsaí phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht agus na moltaí atá ullmhaithe ag Conradh na Gaeilge chun tabhairt faoina dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ag teacht chun cinn. Is Abhcóide é Dáithí Mac Cárthaigh a bhfuil cónaí air i nGaeltacht Ráth Chairn. Tá taithí fhairsing ag Daithí plé le cearta phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge agus tá spéis agus taithí faoi leith aige i gceist na pleanála sa Ghaeltacht. Faoi láthair tá sé ag feidhmiú mar chomhairleoir dlí do Chomharchumann Ráth Chairn sa chás dlí atá a ghlacadh ag an gComharchumann in aghaidh chinneadh an Bord Pleanála cead pleanála a dheonú d’eastáit tithíochta i Ráth Chairn.

Leanfar ansin le seisiún dianphlé ar na gnéithe ar fad den chóras pleanála atá ag imirt tionchar ar an nGaeltacht. Déanfar é seo trí na rannpháirtithe a roinnt i ngrúpaí plé níos lú lena cinntiú go mbeidh deis ag gach duine ionchur a bheith acu agus taithí agus tuairimí a roinnt. Díreofar freisin ar na céimeanna ar gá a ghlacadh chun tabhairt faoin obair stocaireachta a bheidh de dhíth chun athruithe a bhaint amach.

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer: “Is léir gur ag dul in olcas atá na fadhbanna sa Ghaeltacht maidir le ceist na pleanála tithíochta. Tá fadhbanna ag teacht ar aghaidh bunaithe ar an ró-fhorbairt i gceantair áirithe agus an easpa forbartha i gceantair eile. D’fhéadfá a rá gurbh é seo ceann de na ceisteanna is mó atá ag déanamh dochar d’inmharthanacht phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht. Is í lomchlár na fírinne nó nach bhfuil an córas pleanála mar atá sé faoi láthair feiliúnach don Ghaeltacht. Is iomaí ghné den chóras atá lochtach agus is é toradh na lochtanna sin nó go bhfuil glúin daoine óga de bhunú na Gaeltachta nach bhfuil ar a gcumas suíomh nó teach a cheannach ina gceantar féin agus atá á bhrú amach ón Ghaeltacht. Toradh eile a bheidh air nó go mbeidh ceantair láidre Ghaeltachta scriosta ó thaobh na teanga de má ligtear le mórfhorbairtí tithíochta dul ar aghaidh iontu. Mar phobal ní mithid dúinn díriú ar an gceist seo sa tréimhse romhainn agus is breá liom go mbeidh deis againn é sin a dhéanamh ag an seimineár seo ar an 22 Aibreán.

Deir Mairéad Ní Fhatharta, Cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge, a bheidh mar Chathaoirleach ar an Seimineár: “Tá na fadhbanna leis an gcóras pleanála le feiceáil fud fad na gceantar Ghaeltachta agus is léir domsa nach bhfuil an córas reatha feiliúnach don Ghaeltacht. Tá sé de cheart ag pobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar féin agus clann a thógáil ann mar a rinne a sinsear rompu. Seo buncheart atá a lorg ag pobal na Gaeltachta agus caithfidh ár Stát féin aithint go bhfuil dochar á dhéanamh don Ghaeltacht agus go gcaithfear polasaithe nua a thabhairt isteach. Ní mór go mbeadh treoir cinnte sna polasaithe sin mar tá sé soiléir dúinn nach leor rialacháin a ndéantar neamhaird orthu ag leibhéal an Rialtais Áitiúil. Is léir an dochar a dhéanfar don Ghaeltacht agus don saibhreas agus oidhreacht a bhaineann leis an nGaeltacht mura bhfuil athrú port ag an Stát. Ach tá tuiscint freisin ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge nach dtarlóidh aon athrú ar an scéal seo gan brú ón phobal. Is mian liom cuireadh a thabhairt do gach duine ar spéis leo san ábhar seo a bheith linn ag an seimineár seo.”

Is féidir freastal ar an seimineár ag cnag.ie/gaeltacht

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge