‘Maoiniú breise, Bille Teanga níos láidre agus tacaíocht breise Gaeltachta uilig faoi chaibidil ag cruinnithe #SEAS20 ar líne i mbliana’

CMC9549 29 1

‘Cruinnithe stocaireachta ar Zoom le Teachtaí Dála agus Séanadóirí eagraithe ag Conradh na Gaeilge’ 

Tá sráith cruinnithe stocaireachta ag titim amach inniu, an Chéadaoin 23 Meán Fómhair 2020, le Teachtaí Dála agus Séanadóirí chun cuid de na ceisteanna is práinní i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltacht a phlé. Tá #SEAS20 á éagrú ag Conradh na Gaeilge ar líne i mbliana de thairbhé na srianta nua sláinte atá i bhfeidhm. Tiocfaidh ionadaithe áitiúla toghcheantair agus baill Chonradh na Gaeilge le chéile ar Zoom, áit a mbeidh deis acu éilimh reatha Ghaeilge agus Ghaeltachta a chur chun cinn lena bpolaiteoirí áitiúla. 

I measc na n-éileamh atá á gcur chun cinn tá:

  • Maoiniú breise de €15m+ i gCáinaisnéis 2021 a spreagfaidh an earnáil Gaeilge agus Gaeltachta go mór mór ag an am dúshlánach seo leis an gcoróinvíreas sa tír. Bhainfí úsáid as an maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta chun poist a chrúthú agus cur leis an phróiseas pleanála teanga, an maoiniú breise d’Fhoras na Gaeilge le cur i dtreo scéimeanna ar nós na Scéime Pobail Ghaeilge agus eile atá luaite go sonrach sa Phlean Infhéistíochta aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta,agus maoiniú breise eile chun TG4 agus eile a fhorbairt. 
  • Éileamh ar Bhille Teangacha níos láidre bunaithe ar spriocbhliain de 2030 a chur san áireamh sa Bhille leasuithe don sprioc earcaíochta de 20% sa Stát-seirbhís & 2030 luaite mar sprioc go mbeidh gach seirbhís ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta.
  • Moltaí breise maidir le Polasaí Náisiúnta do Pholasaí Tithíochta sa Ghaeltacht agus Polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

“Is deis iontach é #SEAS na héilimh is práinní a lua arís le polaiteoirí agus ionadaithe tofa. Beidh go leor de na Teachtaí Dála agus Seanadóirí seo breá cleachtaithe le bheith ag éisteacht leis na tráchtáireachtaí seo ach tá práinn sa bhreis leo i mbliana mar chúnamh le teacht i dtír ar dhrochthionchar an choróinvíris ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Buailfidh ionadaithe ón Chonradh agus ón phobal go háitiúil leis na polaiteoirí i rith an lae inniu agus arís eile ar 30 Meán Fómhair agus lorgófar tacaiocht gach polaiteora agus gach páirtí dár n-éileamh.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge:

“Anois agus an Tionól ó thuaidh ag feidhmiú arís, den chéaduair le blianta fada, tá Rialtais ar bun thuaidh agus theas atá in ann maoiniú breise a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge bunaithe ar na tionscadail aontaithe sa phlean infheistíochta aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Tuigeann muid uilig an ghéarghá le haghaidh tuilleadh infhéistíochta sa Ghaeltacht le fostaíocht a chruthú agus leis an bpleanáil teanga a fhorbairt ach chomh maith leis sin, is gá cearta an phobail a threisiú le Bille Teangacha níos láidre. Tá réiteach éigin ar na fadhbanna sin sna moltaí atá á gcur chun tosaigh ag Conradh na Gaeilge. Táimid ag éileamh ar na polaiteoirí iad a chur i bhfeidhm agus na bearta sin a dhéanamh le fís, le fuinneamh agus le dea-thoil.

TUILLEADH EOLAIS & GRIANGRAF 

Róisín Ní Mhaoláin

Feidhmeannach Cumarsáide 

+353 87 6338931 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Snáithe beo: https://twitter.com/cnag/status/1308662774193586176?s=21 

AR FÁIL LE hAGHAIDH AGALLAIMH:

Julian de Spáinn

Ard-Rúnaí - Conradh na Gaeilge

+353 (0)86 8142757 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-ArdRúnaí, Conradh na Gaeilge

+353 (0)87 4188050 | +353 (0)91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge