Skip to main content

Fáilte curtha roimh mhaoiniú substaintiúil, €10m+, curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta, do na hOileáin agus eile

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an maoiniú breise, 10m+, don Ghaeltacht a d’fhógair Catherine Martin, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, inniu mar chuid de chlár tacaíochta an Rialtais chun tabhairt faoin ngéarchéim atá cruthaithe mar thoradh ar Covid-19. Tá an maoiniú breise seo ag teacht le héilimh déanta ag an gConradh le tamall anuas.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Níl amhras ach go gcuideoidh an maoiniú caipitil 10 milliún a fógraíodh inniu, idir an 8 milliún atá ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus an 2 mhilliún do na hoileáin Ghaeltachta, le forbairt infreastruchtúir agus áiseanna sa Ghaeltacht agus i gcruthú fostaíochta sa Ghaeltacht chun dul i ngleic leis an ghéarchéim reatha. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh leas á bhaint ag gnólachtaí Gaeltachta agus pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge trí chéile as na scéimeanna eile atá fógartha ag an Rialtas - agus tá Conradh na Gaeilge ar fáil d'aon ghrúpa nó eagraíocht atá ar lorg tacaíochta nó comhairle leis na cúrsaí seo. Beidh an tacaíocht seo riachtanach má tá geilleagar na Gaeltachta agus todhchaí na teanga le cosaint agus le forbairt. Scéal dearfach é go mbeidh €250,000 sa bhreis d’Ealaín na Gaeltachta chomh maith agus tá Conradh na Gaeilge ag súil leis go mbeidh cuid den mhaoiniú breise atá ceadaithe don Chomhairle Ealaíon á chaitheamh ar thograí agus ar ionad ealaíne atá suite sa Ghaeltacht chun ealaíon traidisiúnta na Gaeltachta a chosaint.”

Ag trácht ar an maoiniú don Ghaeltacht dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Táimid an-sásta gur ghlac an Rialtas lena héilimh a rinne Conradh na Gaeilge maidir le tacaíocht bhreise a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta. Léiríonn an ról lárnach a bhí ag Catherine Martin sa phróiseas seo an gá le hAire Sinsearach le Gaeilge a bheith ag Bord an Rialtais chun cás phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur chun cinn. Agus an clár tacaíochta seo á fheidhmiú beimid ag iarraidh ar an Rialtas gníomhú ar an sprioc a leag siad amach sa chlár Rialtais go mbeadh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht nasctha le gach gné d’obair an Rialtais. Feictear do Chonradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh na pobail Ghaeltachta in ann tarraingt as cistí eile a fógraíodh inniu, go háirithe maidir le tacaíocht a chur ar fáil do hallaí pobail agus lárionaid eile sa Ghaeltacht, áiseanna pobail atá buailte go dona faoi láthair mar thoradh ar Covid-19. Táimid ag súil le bualadh leis an Aire Catherine Martin agus leis an Aire Stáit Jack Chambers chun na ceisteanna seo agus eile a phlé.

Cuireann an Conradh fáilte chomh maith roimh an bhfoirgneamh stairiúil Uimhir 6, Sráid Fhearchair, ceannceathrú Chonradh na Gaeilge, a bheith curtha san áireamh sa tacaíocht fógartha d’institiúidí náisiúnta cultúir.”

BREIS EOLAIS:
Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí. 086 8142757 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí & Bainisteoir Abhcóideachta. 087 4188050 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.