MAOINIÚ BREISE & AIRE SINSEARACH DE DHÍTH LEIS AN SOLATHÁR UAILLMHIANACH SA CHLÁR RIALTAIS SEO A CHINNTIÚ

Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh na héilimh a tháinig ón bpobal agus atá luaite sa Chlár Rialtais, go háirithe an Polasaí Nua Oideachais don Ghaeilge.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte faoi leith roimh chuid de na beartais chuimsitheacha atá luaite sa chlár rialtais inniu, go háirithe an Polasaí Oideachais don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal atá á éileamh tríd an bhfeachtas #Gaeilge4All agus gealltanas a lorgaíodh i rith an olltoghcháin. 

Mar aon leis sin luaitear acmhainní sásúil agus athbhreithniú ar struchtúr Bhord Údarás na Gaeltachta, Bille Teanga níos láidre, forbairt meáin Ghaeilge le Raidió Rí-Rá ina measc. Beidh na míreanna seo ar fad le fiosrú sna laethanta agus sna seachtainí os ár gcomhair.

Ach tá sé curtha in iúl go láidir ag Conradh na Gaeilge inniu gur beartais agus coimitmintí in aisce iad seo mura mbíonn maoiniú sásúil curtha ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, d’Údarás na Gaeltachta agus do Roinn na Gaeltachta uilig, chun iad a chur i gcrích.

Dúirt Niall Comer, Uachtaran Chonradh na Gaeilge:

“Aithníonn Conradh na Gaeilge an soláthar uaillmhianach leagtha amach ag an trí pháirtí, An Comhaontas Glas, Fianna Fáil agus Fine Gael, sa Chlár Rialtais atá curtha le chéile acu ach aithníonn muid chomh maith an t-easnamh atá ann gan tagairt do mhaoiniú breise intomhaiste, ar an nós a gheall siad ar fad €20 milliúin nó níos mó i rith an olltoghcháin. Chonaic muid roimhe seo beartais mhaithe nach raibh iontu sa deireadh ach cur i gcéill. Má tá an Rialtas nua seo dáiríre faoi na beartais seo a chur i bhfeidhm ar leibheál a dhéanfaidh difear don teanga agus don phobal, caithfidh maoiniú breise a sholáthar agus aitheantas Aire Shinsirigh a chinntiú mar bhunchloch leis an Chlár Rialtais seo. Sin a bheas á lorg ag Conradh na Gaeilge sna laethanta atá amach romhainn.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Thug gach ceann de na páirtithe seo coimitmintí do phobal na Gaeilge mar chuid dá bhfeachtais ollthoghcháin go gcuirfear ar fáil maoiniú breise don Ghaeilge. Mar atá feicthe againn leis an Straitéis Fiche Bliain agus eile, ní leor beartais gan an tacaíocht airgeadais. Baineann an próiseas stocaireachta seo le muinín agus le dea-thoil. Nuair a thugtar gealltanais, bímís ag súil leis go gcomhlíonfar iad. Tá muid i dteagmháil leanúnach anois le hurlabhraithe na bpáirtithe ar cheist an teanga agus tá súil againn gur féidir linn an tacaíocht chuí a bhaint amach ó na páirtithe chun toradh níos fiúntaí a chinntiú.”

Tá an Conradh ag éileamh ar an bpobal an brú a choinneáil ar bhaill an trí pháirtí, go háirithe ar an trí cheannaire, le hAire Sinsearach a cheapadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a a bheidh líofa sa Ghaeilge agus le soiléaracht a thabhairt ar chúrsaí maoinithe. 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge