Deis caillte ag an Aire Oideachais agus Scileanna córas níos rannpháirtigh a chur i bhfeidhm le córas na ndíolúintí nua

Ráiteas Nuachta    |    12 Lúnasa 2019

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna polasaí do mhúineadh na Gaeilge ón réamhscoil go dtí an ollscoil a chur le chéile gan a thuilleadh moille le déileáil i gceart agus go cuimsitheach le ceist na ndíolúintí agus eile a bhaineann le múineadh na Gaeilge.

D’fheadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith mar thoradh ar chóras nua do na díolúintí fógartha inniu, Dé Luain, 12 Lúnasa, ag an Aire Oideachais agus Scileanna. Ní bheidh measúnú neamhspleách saineolach déanta ar na daltaí ag lorg díolúintí faoin gcóras nua agus beidh an fhreagracht ar an bpríomhoide an díolúine a cheadú nó a dhiúltú gan sin san áireamh. Tá mionsonraí na gcúiseanna go mbeidh cead díolúine a cheadú fós le fógairt agus choinneofar súil géar ar na cúiseanna seo

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Aontaíonn an Conradh leis an Aire Joe McHugh go dtugann dátheangachas buntáistí breise don dalta, go háirithe i bhfoghlaim an tríú teanga agus foghlaim an mhata. Is bocht an scéal é, mar sin, nár bheartaigh an tAire córas a chur i bhfeidhm leis na fáthanna a lorgaíonn daltaí díolúine sa chéad áit a laghdú go suntasach tríd an gcóras a athrú go suntasach in ionad an córas nua beartaithe aige a chur i bhfeidhm ó thús mí Meán Fómhair. Mar shampla, cén fáth nach féidir le dalta le fadhb foghlama, go háirithe ó thaobh scríofa de, an Ghaeilge a dhéanamh don ardteist bunaithe ar an scrúdú béal amháin le cinntiú go mbeidh an dalta curtha san áireamh sa rang Gaeilge, in ionad a bheith gearrtha amach as, agus le deis a thabhairt dó/di an Ghaeilge ardteiste a dhéanamh bunaithe ar a chumais fhéin?”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Léiríonn córas nua na ndíolúintí, fógartha ar maidin, an géarghá arís le polasaí do mhúineadh na Gaeilge ón réamhscoil go dtí an ollscoil agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna polasaí mar seo a chur le chéile gan a thuilleadh moille. Níl aon iontas orainn faoi thoradh an chomhairliúcháin maidir le córas nua na ndíolúintí. Bhí sé breá soiléir ó leagan amach an suirbhé a líon thart ar 10,000 duine i mí Eanáir nach raibh spás ann nó nach raibh an Roinn ag lorg moltaí nua leis na cúiseanna go bhfuil gá le díolúintí a laghdú go suntasach agus le cinntiú go mbíonn an méad is mó daltaí in ann a bheith páirteach i bhfoghlaim na Gaeilge in ionad a bheith gearrtha amach. Chuirfear brú ar phríomhoidí, gan tuairisc saineolach ó shíceolaí le cabhrú leo a thuilleadh, na cinntí a dhéanamh maidir le díolúintí amach anseo”.

Chomh maith leis sin, tá Conradh na Gaeilge ag ceistiú cén fáth nár cuireadh córas nua i bhfeidhm do dhaltaí a thagann isteach sa chóras déanach. Mar shampla d’fheadfaidís an Ghaeilge a fhoghlaim go leibhéal áirithe (faoin gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha mar shampla) agus marcanna ardteiste a bheith curtha ar fáil bunaithe air sin. Seachnaíonn an córas nua déileáil leis na heasnaimh atá sa chóras in ionad córas níos uileghabhálaigh a chur ar bun. Léiríonn seo arís an gá le polasaí do mhúineadh na Gaeilge ón réamhscoil go dtí an ollscoil agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna polasaí mar seo a chur le chéile gan a thuilleadh moille.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge