bliain na gaeilge 2018

Glactha d’aonghuth le rún ar son Acht Gaeilge ó thuaidh ag Ard-Fheis ELEN na hEorpa i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo

Ráiteas Nuachta

7 Samhain 2018

Le Foilsiú Láithreach

Glactha d’aonghuth le rún ar son Acht Gaeilge ó thuaidh ag Ard-Fheis ELEN na hEorpa i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh mhór-thoscaireacht Eorpach ELEN, atá ionadaíoch ar 45 mionteanga agus a bhfuil 150 balleagraíocht acu idir 23 stát Eorpach

group elen

Glacadh d’aonghuth le rún ag tacú le cur i bhfeidhm Acht Gaeilge ó thuaidh ag Ard-Fheis ELEN an deireadh seachtaine seo. Mar chuid den chruinniú, ina raibh breis agus 40 ionadaí i láthair, áit a dtugadh tús-áite do phlé agus rúin ar chearta teanga agus reachtaíocht do mhionteangacha ar fud na hEorpa, labhair Sixto Molina, Ceannasaí Rúnaíochta na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, mar aoichainteoir, mar aon le bheirt Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, Jill Evans (Plaid Cymru) agus Martina Anderson (Sinn Féin).

Glacadh leis an rún seo a leanas ag an Ard-Fheis, faoi mar a mhol Conradh na Gaeilge, balleagraíocht de chuid ELEN:

Is cearta daonna iad cearta teanga agus tá cothrom na féinne tuilte ag lucht labhartha na Gaeilge. Mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn 2006 gheall Rialtas na Breataine go dtabharfaí isteach ‘Acht Gaeilge ina léireofar taithí na Breataine Bige agus na hÉireann’. Éilíonn ELEN ar Rialtas na hÉireann an dualgas seo a chomhlíonadh agus Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm mura gcuirfear ar bun arís na hinstitiúidí cumhacht-roinnte taoibh istigh de sé mhí.

Cuireadh fáilte fosta roimh Daniel Holder, a rinne ath-sheoladh ar tuairisc taighde Chonradh na Gaeilge i gcomhar leis an CAJ bunaithe ar iniúchadh ar na comhairlí áitiúla ó thuaidh de réir creatlach nua monatóireachta a cuireadh le chéile, sain-dhréachtaithe de réir na reachtaíochta áitiúla agus idirnáisiúnta chun gníomhartha na gcomhairlí a mheas.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

“Tá Conradh na Gaeilge ag plé go leanúnach le gach féidearthacht stocaireachta chun cur i bhfeidhm an Achta Ghaeilge, mar a gealladh in 2006, a chinntiú. Cuireann tacaíocht ELEN go mór le tacaíocht atá léirithe ag COMEX agus ag Comhairle na hEorpa go leanúnach roimhe seo d’Acht Gaeilge ó thuaidh, agus cáineadh déanta acu ar easpa gnímh Rialtas na Breataine i dtuairiscí monatóireachta le blianta anuas. Leanann Conradh na Gaeilge leis an abhcóideacht agus leis an stocaireacht go háitiúil agus go hidirnáisiúnta chun cearta teanga a chinntiú do phobal na Gaeilge anseo, cearta atá ag pobail mhionteangacha ar fud na hEorpa cheana féin.”

Dúirt Bainisteoirí Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:

“Aithnítear agus daingnítear cearta teanga i ndlíthe idirnáisiúnta ar fud na hEorpa. Idir An Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, 2001, An Creat-Choinbhinsiún um Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, agus An Cúnant Idirnáisiúnta um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha, 1976, tá aitheantas ag an Ghaeilge i gcairteacha idirnáisiúnta le fada an lá, cairteacha atá daingnithe ag Rialtas na Breataine. Ar an drochuair, mar a léiríonn taighde nua Chonradh na Gaeilge, tá dúshláin ollmhóra roimh na comhairlí áitiúla agus ranna eile maidir le cur i bhfeidhm na ndualgas a luaitear sna cairteacha sin, ar dhualgais mheasartha iad i dtaobh na teanga. Tarlaíonn seo de dheasca bearna i ndlíthe áitiúla, agus easpa reachtaíochta anseo chun an Ghaeilge a aithint mar theanga oifigiúil anseo. Mar a léirigh go leor dár gcomhghleacaithe ag Ard-Fheis ELEN an deireadh seachtaine seo, múna bhfuil reachtaíocht áitiúil agus stádas oifigiúil don teanga sa dlínse sin, fágtar bearna ollmhór i dtaobh cearta do phobal na teanga sin agus i dtaobh na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Tá athruithe suntasacha de dhíth.”

TUILLEADH EOLAIS:

 

Is féidir grianghraif Ard-Fheis ELEN a fháil anseo (saor-chead iad a úsáid): https://bit.ly/2DriR31

Is féidir teacht ar an taighde anseo: https://www.peig.ie/images/ECRML_Tuairisc_Final.pdf

Is féidir tuilleadh eolais i dtaobh ELEN a aimsiú anseo: www.elen.ngo

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 7545293841| Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh

Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht), Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 77 16690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na GaeilgePEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge