Beirt Airí Rialtais Le Léargas Uile-Oileánda Ar An nGaeilge ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge

Tabharfaidh an tAire Carál Ní Chuilín CTR agus an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD léargas uile-oileánda ar thodhchaí na teanga in Éirinn ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge dar téama Ag Pleanáil don Ghaeilge ó Thuaidh & Sa Ghaeltacht - Cad Í Do Thuairim? sa Seomra Glendowan in Óstán Mount Errigal, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ag 11.00rn Dé Sathairn, 3 Samhain 2012.

Tá An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh faoi chúram an Aire Ní Chuilín agus sa bhreis ar an togra teanga Líofa a sheoladh anuraidh chun líofacht sa Ghaeilge a spreagadh, tá an Roinn s'aici i mbun comhairliúcháin leis an bpobal chun straitéis don Ghaeilge a fhorbairt do na Sé Chontae faoi láthair. Tá freagracht ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó dheas agus díreoidh a chuid cainte ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2012 ar chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012.

Beidh Niall Comer, Uachtarán, Comhaltas Uladh, agus Cabríní de Barra, urlabhraí Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ina n-aoichainteoirí ag seimineár na bliana seo freisin le dearcadh an phobail a chur in iúl ar an ábhar Ag Pleanáil don Ghaeilge ó Thuaidh & Sa Ghaeltacht - Cad Í Do Thuairim? agus osclófar an t-urlár do cheisteanna agus do mholtaí ón lucht freastail ag deireadh na cainte.

Is é Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a dhéanfaidh cathaoirleacht ar Sheimineár Oireachtais an Chonartha 2012 agus deir sé: "Is iomaí dúshlán atá roimh an nGaeilge sna blianta amach romhainn, creimeadh úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil sa Ghaeltacht agus fadhbanna le múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ina measc; tá sé níos tábhachtaí ná riamh mar sin go dtugann aon reachtaíocht a bhaineann leis an teanga aghaidh ar na deacrachtaí seo, thuaidh agus theas, lena chinntiú go dtagann an Ghaeilge slán don chéad ghlúin eile.

"Le hAire ón dá Rialtas i láthair ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge i mbliana, beidh deis ag an bpobal léargas níos iomláine a fháil ar thodhchaí na Gaeilge sna 32 chontae agus tá fáilte 's fiche roimh gach duine freastal ar an bplé spreagúil seo maidir le Pleanáil don Ghaeilge ó Thuaidh & Sa Ghaeltacht agus muid ag fiafraí de phobal na teanga ag Oireachtas na Samhna 2012: cad í do thuairimse ar an gceist?"

Seolfar Bliain na Gaeilge 2013 agus suíomh úr an togra teanga ag www.gaeilge2013.ie ag fáiltiú speisialta i ndiaidh Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2012 sa Seomra Glendowan in Óstán Mount Errigal, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ag 1.00in, Dé Sathairn, 3 Samhain 2012. Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge 2013, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta i 2013. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Sheol an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín an togra Líofa i Meán Fómhair 2011. Bhí sé mar sprioc tosaigh ag an togra chun 1,000 duine a spreagadh le clárú chun líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge faoin bhliain 2015. Sháraigh sé an sprioc seo faoi dheireadh na bliana agus le beagnach 3,000 duine cláraithe go dtí seo, tá 5,000 duine mar sprioc nua ag an togra. Tá sí mar aidhm ag Líofa chun daoine ó gach aoisghrúpa, ó gach cúlra agus ó gach cumas ó thuaidh agus níos faide i gcéin a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Is féidir le haon duine gur mian leo clárú le Líofa é sin a dhéanamh trí shuíomh na Roinne: www.dcalni.gov.uk/liofa

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Beidh sraith de thóstail idirnáisiúnta agus d'imeachtaí áitiúla i dteannta féilte, ceolchoirmeacha, imeachtaí spóirt, ceol, drámaíocht, litríocht agus damhsa ar bun ar son na Gaeilge ar fud na tíre i gcaitheamh 2013. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Tionscnamh turasóireachta agus ceiliúradh ar gach a bhfuil fíorbhreá agus uathúil i dtaobh na hÉireann agus a muintire atá i gceist le Tóstal Éireann 2013. Tá sé i gceist go dtógfaidh muintir na hÉireann orthu féin cuireadh a thabhairt do dhaoine a bhfuil baint acu leis an tír - 70 milliún duine den diaspóra ar fud na cruinne san áireamh - agus go gcuirfidh siad fáilte Uí Cheallaigh rompu go hÉirinn. Tá sí mar sprioc ag Tóstal Éireann 2013 325,000 cuairteoir breise as tíortha thar lear a mhealladh chun na hÉireann i gcaitheamh na bliana agus €170 milliún a ghnóthú in ioncam turasóireachta. www.thegatheringireland.com

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge