OLLTOGHCHÁN 2020 #GaelVóta
Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaeilge an #GaelVóta a thógáil san áireamh agus iad ag caitheamh vóta Dé Sathairn, 8 Feabhra
Olltoghchán ó dheas:
Dé Sathairn, 8 Feabhra 2020
Cliogáil anseo le seasamh na bpáirtithe ar na héilimh atá breis is 70 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile ag lorg:
4 éileamh do phobal na Gaeilge & na Gaeltachta.
1. Go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur níos láidre ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais agus sa cháinaisnéis
2. Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge & na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 500+ post nua a chruthú
3. Go bhforbrófar agus go gcuirfear i bhfeidhm Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an 3ú Leibhéal
4. Go dtacófar le Bille na dTeangacha Oifigiúla 2019 a láidriú, go háirithe le spriocbhliain de 2030 a chur leis an bhforáil go mbeidh 20% do na hiarrthóirí a earcófar don stát seirbhís inniúil ar an nGaeilge
Tá nasc anseo d'eolas breise.
Is féidir theacht ar eolas breise maidir seasamh na bpáirtithe ag an nasc seo.
Tacaíocht láidir geallta ó na páirtithe in Olltoghchán 2020 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht
Ach brú le coinneáil ar chuid de na páirtithe le héilimh áirithe a dheimhniú go fóill roimh lá an Olltoghcháin
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh sheasamh na bpáirtithe ar na 4 éileamh chomónta aontaithe ag breis is 70 grúpa do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu agus bileog foilsithe ag an eagraíocht le scaipeadh ar an bpobal maidir le hOlltoghchán 2020.
Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá sé an-tábhachtach go mbeidh an pobal ar an eolas maidir le seasamh na bpáirtithe ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Níl Cothrom na Féinne faighte ag an teanga le tamall de bhlianta, go háirithe ó thaobh maoinithe de, ach is maith a fheiceáil go bhfuil an chuid is mó de na páirtithe ag geallúint go gcuirfear sin ina cheart tar éis an Olltoghcháin. Bhainfí úsáid as an infheistíocht bhreise, geallta ag na páirtithe, le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht agus le deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil don phobal trí chéile trí lárionaid Ghaeilge a fhorbairt, scoláireachtaí a chur ar fáil do pháistí ar mhíbhuntáiste, comhordaitheoirí teanga a fhostú agus eile.”
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Cé go bhfuil muid an-sásta go bhfuil cuid de na páirtithe ar bord leis na 4 éileamh ar fad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, tá obair le déanamh againn fós le héilimh áirithe a chinntiú, ar nós go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeidh ionchur níos láidre ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais agus sa Cháinaisnéis. Táimid ag iarraidh ar an bpobal, idir anois agus lá an Olltoghcháin, le plé a dhéanamh le hiarrthóirí maidir leis na 4 éileamh.”
Tá Conradh na Gaeilge i mbun fóraim ghnímh a eagrú fud fad na tíre leis an bpobal a spreagadh le gníomhú ar na héilimh agus scaipfear eolas ar an bpobal ar sheasamh gach páirtí agus gach iarrthóir de réir Dáilcheantair roimh an Olltoghchán.
Grúpaí ag tacú leis na 4 éileamh | Groups Supporting the 4 Commitments:
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: