An Chairt Eorpach & COMEX
An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh
& Coiste na Saineolaithe (COMEX)
Dhaingnidh Rialtas na Breataine an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh in 2001. Tá an Ghaeilge aitheanta agus cosanta faoin Chairt suas le Cuid 3.
Is coinbhinsiún idirnáisiúnta í an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (an Chairt) arb aidhm di teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn mar ghné d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa atá faoi bhagairt. Ar an ábhar seo, chomh maith le halt neamh-leithcheala a bhaineann le húsáid na dteangacha seo24, tá foráil ann i leith bearta a thairgeann tacaíocht ghníomhach dóibh. ‘Is ar an dóigh seo amháin ar féidir na teangacha seo a chúiteamh, nuair is gá, as dálaí neamhfhabhracha san am atá caite agus iad a chaomhnú agus a fhorbairt mar ghné d’fhéiniúlacht chultúrtha na hEorpa.’
Cuirtear chun cinn sa Chairt cur chuige ilchultúrtha maidir leis na teangacha a chosnaítear inti. Is iad a cuid aidhmeanna, a bhfuil tionchar acu ar an tuairisc seo, cultúr a chruthú ina n-éiríonn le teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a bheith beo i gcuideachta a chéile agus i gcuideachta mhórtheangacha an Stáit.
Socraítear, sa Chairt, comhphrionsabail láir, atá leagtha amach i gCuid II, a bhaineann le gach teanga réigiúnach nó mhionlaigh. I gCuid III den chairt, tá sraith forálacha sainiúla a bhaineann le hionad teangacha réigiúnacha nó mionlaigh i gcodanna éagsúla de shaol an phobail. Faoi Chuid III, ‘tá de shaoirse ag stáit aonair, laistigh de shrianta áirithe, cinneadh a dhéanamh faoi cé acu de na forálacha a bhainfidh le gach teanga a labhraítear taobh istigh dá dteorainneacha’.
Rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe (RA) an Chairt a dhaingniú i Márta 2001 agus d’aithin oibleagáidí leis an Ghaeilge, a bhfuil stádas Chuid III aici, a chosaint agus a chur chun cinn. Tá sé airteagal is tríocha faoin Chairt roghnaithe ag Rialtas na RA lena chinntiú, a oiread agus is féidir, ar bhonn réasúnta, go n-úsáidfear an Ghaeilge san oideachas agus sna meáin agus a húsáid a cheadú i gcomhthéacsanna breithiúnacha agus riaracháin, sa tsaol eacnamaíochta agus shóisialta agus i ngníomhaíochtaí cultúrtha.
D’fheidhmigh an Roinn Cultúir, Ealaín agus Fóillíochta mar chathaoirleach agus chuir siad rúnaireacht ar fáil do Ghrúpa Idir-rannach um Fheidhmiú na Cairte a mhaoirsíonn feidhmiú na Cairte ag na ranna agus a chomhordaíonn ionchur i dtuairiscí tréimhseacha le Comhairle na hEorpa ar dhul chun cinn an fheidhmithe le Comhairle na hEorpa. Níor tháinig an grúpa sin le cheile ó tháinig an Roinn Pobal ar an saol in 2016.
Ach in 2016 féin d'fhoilsigh an Roinn Pobal an treoirchaipéis seo a leanas maidir le cur i bhfeidhm na Cairte: https://www.communities-ni.gov.uk/publications/guidance-european-charter-regional-or-minority-languages
Tomhaiseann Coiste Saineolaithe (COMEX) de chuid Chomhairle na hEorpa dul chun cinn ar fheidhmiú na Cairte gach trí bliana. I ndiaidh a gcuairte i Meán Fómhair 2009, mhol COMEX go ndéanfadh údaráis na RA tosaíocht de ‘glacadh chuige féin agus feidhmiú polasaí cuimsitheach Gaeilge, agus an dóigh is fearr ná trí reachtaíocht a rith’.
Is féidir an Chairt Eorpach a léamh anseo: https://rm.coe.int/1680695175
Is feidir tuarascálacha COMEX maidir le cur i bhfeidhm na Cairte a léamh anseo: https://www.coe.int/en/web/european-charter-regional-or-minority-languages/reports-and-recommendations#{%2228993157%22:[24]}
Is féidir na tuarscálacha féin a aimsiú de réir bliana anseo: