Straitéis Ghaeilge ó thuaidh
Posted in Cartlann Feachtas.
Straitéis Ghaeilge ó thuaidh
Comhaontú Chill Rìmhinn 2006
- Thóg Comhaontú Chill Rímhinn 2006 ar na gealltanais i gComhaontú Aoine an Chéasta faoi Shnáithe a Trí ‘Cearta, Cosaintí agus Comhionannas Deiseanna’.
- Tabharfaidh Rialtas [na Breataine] isteach Acht Gaeilge ina léireofar taithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibreoidh sé i gcomhpháirt leis an Fheidhmeannas atá le toghadh le forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint
- I ndiaidh Chomhaontú Chill Rìmhinn 2006, rith Rialtas na Breataine reachtaíocht ag Westminster le hAcht TÉ 1998 a leasú. Áirítear in Alt 28D d’Acht 1998 an méid seo a leanas:
- (1) Glacfaidh an Coiste Feidhmeannais Straitéis chuige féin a leagfaidh amach mar a bheartaíonn sé forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint
- Tá seo luaite go sonrach i reachtaíocht 1998 Alt 28D: https://www.legislation.gov.uk/ukpga/1998/47/section/28D
An Dréacht Chlár Rialtais 2011
- Ina Chlár Rialtais 2011-15, a foilsíodh ar 12 Márta 2012, d’aithin an Feidhmeannas an tábhacht atá le tosaíochtaí a shocrú don am atá le teacht agus an deis a thugann an cineachadh a thapú le todhchaí chomhroinnte níos fearr a thógáil do gach duine. Daingnítear é seo faoi Thosaíocht 4 ‘Pobal Láidir, Comhroinnte a Chothú’ ina ndírítear, i measc nithe eile, ar chaidreamh a chothú idir pobail agus buntáiste a bhreith ar acmhainn earnáil an chultúir mar ghléas i dtreo athrú dearfach. Áirítear leis fosta, straitéis i leith na Gaeilge mar bhunchloch dhúshraithe leis an tosaíocht seo a bhaint amach.
An Dréacht-Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint (RCEF) 2015-2035
- D’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) agus an tAire CEF dréacht-Straitéis 20 bliain le Forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a Chosaint (2015-2035). Is féidir sin a léamh anseo.
- Ní raibh comhaontú polaitiúil ann an dréacht-straitéis sin a chur i bhfeidhm in 2015. In 2016, d’fhoilsigh an Roinn cáipéis nua ‘Bliain ar aghaidh’ a luaigh cuid de na gníomhartha a bhí déanta ag an Roinn. Is féidir an tuairisc áirithe sin a léamh anseo.
Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt 2017
- Sa bhliain 2017, 2 bhliain tar éis fhoilsiú na dréacht-Straitéise Gaeilge ag an iar-Aire DCAL, Carál Ní Chuilín, chuir Conradh na Gaeilge tús le cás dlí chun dúshlán a thabhairt maidir leis an mhoill ar chur i bhfeidhm na straitéise Gaeilge. Chinn breitheamh na hArd-Chúirte mar rialú san athbhreithniú bhreithiúnach gur theip ar an Fheidhmeannas a gcuid dualgas faoi Alt 28d d’Acht Thuaisceart Éireann a chomhlíonadh:
- It cannot have been the intention of Parliament that, after nearly 10 years from the coming into force of the Act in 2007, this obligation would remain unfulfilled.
- It cannot have been the intention of Parliament that, after nearly 10 years from the coming into force of the Act in 2007, this obligation would remain unfulfilled.
- Rialaíodh go ndearna Feidhmeannas Thuaisceart Éireann sárú ar Roinn 28(d) d’Acht Thuaisceart Éireann (1998) agus go raibh teip déanta acu ina ndualgas reachtúil straitéis Ghaeilge a chur i bhfeidhm.
- Is féidir an rialú iomlán ón Ard-Chúirt a léamh anseo.
Ré Nua Cur Chuige Nua 2020
- Thug an Comhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua gealltanais go gcuirfí Straitéis Ghaeilge i bhfeidhm taobh istigh de 6 mhí den chomhaontú. Tugadh 100 lá le: i. clár ama maidir le cur i gcrích na straitéise a fhoilsiú; agus ii. tús a chur leis an phróiseas comhdheartha.
- "under Section 28D of the Northern Ireland Act 1998, the re-established Executive will produce a draft Irish Language Strategy and a draft Ulster Scots Language, Heritage and Culture Strategy for consultations within 6 months. This will include programmes and schemes which will assist in the development of the Irish language and the Ulster Scots language, culture and heritage"
- "The parties agree that, within 3 months, a new Executive will publish a comprehensive timetable for the development and delivery of these and other strategies necessary to achieve the outcomes in the Programme for Government."
An Straitéis Úr
- Sa samhradh, 2021, chuir An Roinn Pobal tús le Painéal nua Saineolaithe chun tuairisc chuimsitheach a chur le chéile maidir leis an straitéis úr. I Márta 2022 d'fhoilsigh an tAire Pobal, Deirdre Hargey, an tuairisc.
- Is féidir 'Moltaí maidir leis an Straitéis don Ghaeilge // Tuarascáil an Phainéil Chomhairligh Shaineolaigh' a léamh anseo.
- San Fhómhar, 2021, chur an Roinn Pobal tús le grúpa comh-deartha le bheith ag obair ar na moltaí uilig don Straitéis úr. Rinne Conradh na Gaeilge comh-Chathaoirleach ar an ghrúpa sin.