Skip to main content

Daoine Aitheanta sa Ghluaiseacht

Posted in Ginearálta.

Daoine Aitheanta sa Ghluaiseacht
Seo roinnt daoine aitheanta a bhí mar chuid de bhunú Chonradh na Gaeilge nó a ghlac páirt i bhfeachtais de chuid na heagraíocht le cúpla bliana anuas. Is iomaí duine atá tar éis a bheith bainteach le Conradh na Gaeilge ó bunaíodh an eagraíocht in 1893 ach b'fhéidir go n-aithnítear na daoine seo as rudaí eile ar bhain siad amach ina saol.  Léigh tuilleadh futhú thíos:
 

 GPSG3
  Dubhghlas de hÍde
 

 Douglas Hyde 2
 
Rugadh Dubhghlás de hÍde (An Chraoibhín Aoibhinn) idTeach an Longfoirt sa Chaisleán Riabhach i gCo. Ros  Comáin in 1860. Breac-Ghaeltacht ab ea a cheantair dhúchais (dún Gar), agus d’fhoghlaim sé Gaeilge ó chuid de na seanchomhairsain. Tar éis céimeanna a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide, chaith sé bliain ag teagasc i gCeanada sular fhill sé ar Éireann. Ar an 25ú Samhain 1892 thug sé léacht cháiliúil “The Necessity for the De-Anglicisation of Ireland” don National Literary Society, agus an bhliain dár gcion, d’fhreastal sé ar chruinniú bhunaithe Chonradh na Gaeilge.

Toghadh é mar an chéad Uachtarán ar an eagraíocht é ar an 4ú Lúnasa 1893. Bhí de hÍde mar Uachtarán ar an gConradh ó 1893 go dtí 1915. Sna blianta sin, d’athraigh an eagraíocht tuiscint phobal na hÉireann ar thábhacht na Gaeilge, an chultúir dhúchais, agus stair na hÉireann. Bhí baint lárnach ag de hÍde le gach ceann de na feachtais mhóra ar son na Gaeilge sa tréimhse sin, go háraithe chun ceart a fháil don Ghaeilge sa chóras oideachas agus chun airgead athiomsú sna Stáit Aontaithe chun obair na Gaeilge a chur chun cinn.

Ceapadh é ina ollamh le teanga agus litríocht na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann in 1909, ina bhall de Seanad Éireann in 1925, agus toghadh é d’aonghuth mar chéad Uachtarán na hÉireann i 1938. D’éag an scríbhneoir, bailitheoir béaloideasa, ollamh, agus gníomhaí teanga, Dubhghlas de hÍde ar an 12 Iúil 1949.

 
Mícheál Ó Coiléain
 

 michael collins 3 scaled
Rugadh an ceannaire réabhlóide Micheál Ó Coileáin ar an 16 Deireadh Fómhair 1890 i nDoire Luain, Co. Chorcaí. Bhog sé go Londain nuair a bhí sé 15 bliain d’aois, agus chuaigh ag obair mar chléireach i mbainc taisce West Kensington. Chaith sé seal mar stocbhróicéar agus ag obair sa Bhord Trádála freisin. 

Bhí an Coileánach gníomhach i gConradh na Gaeilge agus sa Chumann Lúthchleas Gael (i gcás an Chonradh mar riarthóir ar chúrsaí teanga), agus bhí sé mar iarrthóir i dtoghchán an Chonartha i 1915. Nuair a d’fhill sé ar Éireann i 1916, chláraigh sé mar bhall de Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge.

Is mar gheall ar a dhíogras i leith saoirse na hÉireann a bhfuil an cháil is mó ar an gCoileánach. Ghlac se mionn i mBráithreachas Phobalacht na hÉireann i 1909, chláraigh sé le hÓglaigh na hÉireann i 1914. Ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca, agu bhí ról chinniúnach aige i mbunú Dháil Éireann. D’oibrigh sé mar Aire Airgeadais in Uimhir 6 Sráid Fhearchair (Ceannáras Chonradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann), agus bhí sé i gceannas ar sheirbhis faisnéise na n-Óglach le linn Chogadh na Saoirse. 

Shínigh sé an Conradh Angla-Éireannach i mí na Nollag 1921, agus bhí sé i gceannas ar an rialtas sealadach a cruthaíodh de bharr an tsocraithe sin. Maraíodh é ar an 22 Lúnasa 1922 i luíochan i Béal na Blá, Co. Chorcaí, le linn Cogadh na gCarad.

 
  Íte Ní Chionnaith
 

 Michéal Ó Murchú agus Íte Ní Chionnaith
 
Is cainteoir dúchais Gaeilge as Inse Chór í Íte Ní Chionnaith, agus í gníomhach i gConradh na Gaeilge le breis is leath-chéad bliain anuas. D’fhreastal sí ar a céad Ard-Fheis i 1969, agus is minic í bheith mar bhall den Choiste Gnó ó shin. Toghadh mar Tháiniste ar an gConradh í , agus ba í an chéad bean mar Uachtarán ar an eagraíocht í nuair a toghadh í i 1985. Bhí baint aici le gach feachtas a throid an Conradh le linn an tréimhse sin, go háraithe feachtas na teilifíse Gaeilge (as a d’easgair TG4). Chaith sí tréimhse i bPriosúin Mhointeó mar gheall ar a seasamh ar son teilifíse Gaeilge, agus dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a íoc ó 1976 – 1996.

Bhí baint aici freisin le feachtas na gcearta (as a d’easgair Acht na dTeangacha Oifigiúla), agus bhí sí go mór chun cinn sa bhfeachtas a tosaíodh sna 1980í ag éileamh Bille Teanga don phobbal Gaeilge ó thuaidh. Ba Leachtóir Sinsearach le Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ag cur oiliúint ar mhic léinn Iriseoireachta agus Cumarsáide) í Íte go dtí gur chuaigh sí ar scor. Tá Íte fós gníomhach sa Chonradh agus le cloisteáil agus le feiceáil go minic sna meáin.

 
Lynette Fay
 

 
Is craoltóir aitheanta í Lynette Fay a bhfuil taithí na mblianta aici mar láithreoir agus léiritheoir idir an teilifís agus an raidió. As contae Tír Eoghain ó dhúchas, bíonn Fay le cloisteáil go minic ar na haerthonnta mar láithreoir le BBC Raidió Uladh. Tá sí íorphaiseanta faoin nGaeilge agus tá sí tar éis a bheith ag obair ar chláir teilifíse Gaeilge do TG4, RTÉ agus BBC NI.

Ghlac Fay páirt i bhfeachtais éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge le blianta beaga anuas. I 2014 bhí sí ina hambasadóir do Sheachtain na Gaeilge in éineacht leis an bpeileadóir Ciarán Kilkenny agus an láithreoir teilifíse Máire Treasa Ní Dhubhghaill. 

Ní hamháin sin ach bhí sí mar ambasadóir do Bliain na Gaeilge 2018.  ‘Is cúis mhór mhisnigh dom é an t-éileamh agus an fás atá ar an Ghaeilge ó thuaidh le blianta anuas - bíodh sin sna meáin, i gcúrsaí gnó, ó thaobh na scolaíochta de agus mar chuid den ghnáthshaol. Tá súil agam go gcuirfidh Bliain na Gaeilge leis an bhorradh seo. Tá lúchair orm a bheith páirteach inti’

 
Eimear Considine
 

 
Is imreoir rugbaí aitheanta í Eimear Considine do UL Bohemians, cúige Mumhan agus d’Éirinn. As contae an Clár ó dhúchas, is múinteoir Gaeilge agus Corpoideachas í agus is iomaí spóirt a imríonn Considine ag leibhéal ard. Bhain sí áit amach ar fhoireann na hÉireann 7-an taobh in 2013 agus fuair sí a céad chaipín d’fhoireann na hÉireann 15-an taobh i 2017 agus tá sí mar chroílár ar an bhfoireann náisiúnta anois. 

Is minic go mbíonn Considine le feiceáíl ar an teilifís agus í mar anailísí ar chluichí rugbaí. Bhí sí mar chuid den chéad phainéal lán-mhná ar TG4 do chluiche rugbaí Pro14 idir cúige Laighean agus Cardiff. 

Bhí Considine mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge le Energia i 2020 in éineacht le James Kavanagh agus Gráinne McElwain ‘ceapaim go bhfuil nasc láidir idir Gaeilge agus na cluichí a imrítear in Éireann. Is feidir leat an Ghaeilge a úsáid i spóirt nó in aon gnímh eile atá le dhéanamh agat go laethúil, bí bródúil as í a labhairt’.

 
Dáithí Ó Sé
 

 
Bhí Daithí Ó Sé ina ambasaóir ar Sheachtain na Gaeilge sa bhliain 2009 in éineacht le hAoife Ní Thuairisg. Is féile Ghaeilge idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge le Energia, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus fud fad an domhain gach bliain.

Is láithreoir teilifíse aitheanta é Daithí Ó Sé ar tógadh é i bhFeothanach i  nGaeltacht Chorca Dhuibhne, co Ciarraí. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Stair agus d’oibrigh sé mar mhúinteoir go dtí gur thosaigh sé ag obair go páirt-aimseartha le TG4 ar cúrsaí leanúnachais agus aimsire i 1999. 

Ó 2010 tá sé mar láithreoir ar an bhFéile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí a bhíonn ar siúl i dTrá Lí co Ciarraí gach bliain.Tá sé mar chomhláithreoir ar an gclár ‘Today’ agus bíonn sé ag cur ‘Seal le Daithí’ ar TG4 i láthair a mbíonn aíonna ó shaol na Gaeilge faoi agallamh aige gach seachtain.

 

 

Glac ballraíocht linn anseo le bheith mar chuid den Ghluaiseacht

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.