Dianchúrsa Lae: Agallamh Hibernia don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)
Caithfidh iarrthóirí don Mháistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) le Hibernia agallamh 30 nóiméad a dhéanamh. Mar chuid den agallamh sin, caithfear 10 - 12 nóiméad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Déantar measúnú ar líofacht, saibhreas teanga, tuiscint agus cruinneas le linn an agallaimh seo. Cuirtear ceisteanna faoin iarrthóir féin, a chúlra, ceisteanna ginearálta agus ansin faoin múinteoireacht, modhanna múinteoireachta agus teoiric na múinteoireachta.
Is féidir tuilleadh eolais a fheiceáil anseo: https://hiberniacollege.com/irish-interview/
Le cabhrú leo siúd atá ag ullmhú don scrúdú seo, tá cúrsa lae eagraithe ag Conradh na Gaeilge. Is cúrsa lae atá ann a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 18ú Eanáir 2020 idir 9:30am agus 4:30pm. Tá lón san áireamh leis an bpraghas. Beidh dhá seisiún, ceann ar maidin agus ceann san iarnón, déanfar plé ar an ngramadach, ceisteanna ginearálta, ceisteanna coitianta, stór focal don mhúinteoireacht agus an-chuid eile. Reachtálfar an cúrsa trí Ghaeilge amháin agus beidh gníomhaíochtaí aonaracha, grúpobair, obair beirte, cluastuiscint agus an-chuid eile mar chuid den lá. Beidh an deis ag gach iarrthoir ceisteanna a chur ar an áisitheoir le linn an chúrsa agus beidh an deis acu dul faoi bhréag-agallamh ina mbeidh aiseolas pearsanta mar chuid de. Seo thíos ábhar an chúrsa:
Dáta: Dé Sathairn, 18ú Eanáir 2020
Am: 9.30am - 4.30pm
Praghas: €100.00*
*Lón san áireamh - le do thoil inis dúinn faoi aon riachtanais bia atá agat a luaithe agus is féidir
Sonraí Cúrsa
Tús | 18-01-2020 9:30 am |
Deireadh | 18-01-2020 4:30 am |
Dáta deiridh | 19-01-2020 16:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 0 |
Praghas | €100 |
Ionad | Baile Átha Cliath |