Breithiúnas deiridh ar an Athbhreithniú Breithiúnach atá á ghlacadh ag Conradh na Gaeilge, in éadan theip Fheidhmeannas TÉ glacadh le Straitéis Ghaeilge, le tabhairt san Ard-Chúirt i mBéal Feirste
Dáta: Dé hAoine, 3 Márta 2017
Am: 10.00am
Láthair: Ard-Chúirt Bhéal Feirste, Sráid Chichester, BT13JF
Rachaidh cás atá á ghlacadh ag Conradh na Gaeilge os comhair na hArd-Chúirte i mBéal Feirste de dheasca theip an Fheidhmeannais glacadh leis an Straitéis Ghaeilge ó thuaidh, mar a aontaíodh i gComhaontú Chill Rimhìnn 2006 agus ina gClár Rialtais féin 2011-15, agus in éadan theip an Fheidhmeannais a dhualgas a chomhlíonadh de bhun ailt 28D d’Acht TÉ 1998.
Tá sonraí ama an bhreithiúnais seo, maidin thorthaí an Toghcháin don Tionóil, fíor-spéisiúil, as siocair cheist na teanga bheith i gcroílár an dioscúrsa pholaitiúil le roinnt míonna anuas.
Bronnadh cead cúirte ar Chonradh na Gaeilge i mí na Bealtaine 2016 agus bhí éisteacht iomlán ann don chás san Ard-Chúirt i mBéal Feirste 8 Feabhra 2017.
TUILLEADH SONRAÍ & IAR-RÁITIS NUACHTA:
Cead Cúirte bronnta: http://bit.ly/27QPmhS
Éisteacht iomlán san Ard-Chúirt 8/2/2017: http://bit.ly/2mdGyTJ