Skip to main content

Gradaim bronnta ar Mhic Léinn Tríú Leibhéal ag Searmanas Gníomhaí Gaeilge

Tugadh aitheantas do mhic léinn as a gcuid oibre ar son na Gaeilge ar champais ar fud an oileáin

Anocht, Déardaoin 11 Aibreán 2024, bronnadh gradaim ar mhic léinn tríú leibhéal as a gcuid oibre ar son na Gaeilge ag Gradaim Gníomhaí Gaeilge. Cuireadh an searmanas speisialta i láthair i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath.

Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim í Gníomhaí Gaeilge atá ar bun ó 2021. Rinneadh measúnú ar na hiarrthóirí ar fad a ghlac páirt agus bronnadh Gradam Óir, Gradaim Airgid, Gradam Aonair nó Teastas Rannpháirtíochta orthú dá bharr.

Bronnadh 21 gradam ar Aontais Mhac Léinn agus ar Chumainn Ghaelacha as an obair atá curtha isteach acu ar a gcampais féin don Ghaeilge le bliain anuas, chomh maith le 35 gradam bronnta ar mhic léinn aonaracha as obair phearsanta a bheith déanta acu don teanga.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tháinig bliain oibre chun crích anocht i dTeach an Ard-Mhéara do mhic léinn agus grúpaí ollscoile agus iad ag gníomhú ar son na teanga faoi scéim Gníomhaí Gaeilge. Tá an-bhród orm faoin obair a dhéanaimid ag an 3ú leibhéal agus tá ríméad orm go raibh deis againn leanúint le clár iontach Gníomhaí Gaeilge atá ag tacú lenár gcraobhacha ollscoile an Ghaeilge a chur chun cinn.

Gabhaim buíochas leis an iar-Aire Ardoideachais agus Taoiseach, Simon Harris, leis an Roinn Ardoideachais, leis an Údarás um Ardoideachas agus le hArdmhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste as an méid atá déanta acu ar fad do thionscadal Gníomhaí Gaeilge.”

Dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Dáithí de Róiste:

“Tá lúchair orm a bheith i láthair anocht ag an ócáid speisialta seo do bhronnadh Gníomhaí Gaeilge. Tá sé iontach an méid seo fuinnimh i leith na Gaeilge a fheiceáil i measc na ndaoine óga. Tá díogras taispeánta acu sa mhéid atá déanta acu ar champais trasna na tíre le bliain anuas, agus molaim go mór a gcuid oibre.”

Tá Gníomhaí Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge le tacaíocht ó AMLÉ agus ón Údarás um Ardoideachas i mbliana don tríú bliain as a chéile. Cuireadh tús le Gníomhaí Gaeilge le meantóireacht a chur ar fáil dóibh siúd atá ag obair ar son na teanga ag an tríú leibhéal, agus le mic léinn a spreagadh chun gnímh trí chóras aitheantais a chur ar bun.

Tá clárúchán anois ar oscailt do Gníomhaí Gaeilge don bhliain acadúil 2024/25 ar cnag.ie/gg. Is féidir le daoine aonair, Cumainn Ghaelacha, Aontais nó aon ghrúpa eile in institiúidí tríú léibhéal clárú don scéim. Is féidir páirt a ghlacadh trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. Dúnfar an clárúchán ar an 7 Bealtaine 2024.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.