Skip to main content

Ruaile Buaile ar an Aer: Raidió Rí-Rá ar FM!

Dátaí: 13-18 Márta

Baile Átha Cliath 105.2fm, Corcaigh 106.7fm, Luimneach 105.5fm, Gaillimh 87.7fm

Beidh Raidió Rí-Rá le cloisteáil beo ar raidió FM timpeall na tíre ón gCéadaoin seo chugainn, 13 Márta go dtí Dé Luain 18 Márta. Beidh an cairtstáisiún don óige le cloisteáil fud fad na tíre, ar minicíochtaí FM i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh, agus i nGaillimh.

Ó thús na bliana 2024, tá fás as cuimse tagtha ar fhoireann agus ar sceideal Raidió Rí-Rá, agus beidh an deis á thapú ag an stáisiún an sceideal nua sin a chur ar a gcluasa do lucht éisteachta nua fud fad na tíre. Beidh ceol na gcairteacha agus popcheol Éireannach a chur i láthair ag láithreoirí nua agus óga; nuacht laethúil agus clár imeachtaí á roinnt ar an aer; seisiúin cheoil le ceoltóirí áitiúla agus Gaeilge; agus podchraoltaí an stáisiúin á gcraoladh beo ar FM i mBaile Átha Cliath (105.2fm), Corcaigh (106.7fm), Luimneach (105.5fm), agus i nGaillimh (87.7fm), maraon le gnáthbhealaigh éisteachta an stáisiúin ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus ar Android.

Dúirt Cathaoirleach Raidió Rí-Rá, Traic Ó Braonáin:

“Táimid ag súil go mór le bheith ag idirghníomhú leis an lucht éisteachta - tá láithreoirí an stáisiúin ag súil le hiarratais agus caint ón bpobal, go háirithe daoine óga agus scoileanna! Is féidir le scoileanna iarratais agus teachtaireachtaí a chur chuig an stáisiún ar na meáin shóisialta tríd an hashchlib #RRRfm a úsáid, agus léifear amach ar an aer iad.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus le hÚdarás Craolacháin Éireann as cabhrú linn leis an deis fhorbartha seo agus muid ag léiriú don saol mór go bhfuil an stáisiún réidh leis an chéad chéim eile a ghlacadh le cláracha a sholáthar ar ardchaighdeán do dhaoine óga na tíre seo ar ardán náisiúnta.”

Dúirt Bainisteoir nua Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil:

“Tá forbairtí móra déanta ag Raidió Rí-Rá le cúpla seachtain anuas le triúr anois fostaithe ag an stáisiún, rud a ligean dúinn i bhfad níos mó ábhar ar ardchaighdeán a chruthú, fáilte a chur roimh láithreoirí nua, agus sceideal cuimsitheach a chraoladh beo ó lá go lá.

Le linn na tréimhse FM seo, beimid ag díriú ar an sceideal reatha atá á chraoladh againn cheana féin a chur os comhair an phobail agus béim a leagadh ar an stáisiún mar atá sé á chraoladh go laethúil anois - le sceideal atá ag cur thar maoill le cláracha cainte, cairtcheol, sliotáin don cheol ailtéirneach, nuacht laethúil, agus fógraí idirghníomacha leis an bpobal maidir le hócáidí agus an méid atá ag tarlú timpeall na tíre - le léiriú go bhfuil muid réidh le stáisiún lánaimseartha Gaeilge ar chur ar aerthonnta náisiúnta do dhaoine óga!”

Cloisfear Raidió Rí-Rá ar na minicíochtaí seo thíos, agus ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus Android:

Baile Átha Cliath 105.2fm

Corcaigh 106.7fm

Luimneach 105.5fm

Gaillimh 87.7fm

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.