Skip to main content

Gailearaí

Gradaim Chonradh na Gaeilge

#AFCnaG

Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar Mháirín Ní Ghadhra, craoltóir aitheanta RTÉ Raidió na Gaeltachta agus láithreoir le TG4, ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán Carlton, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15.

Duais bhliantúil é ‘Gradam an Uachtaráin’ a bhronntar ar dhuine ar leith a bhfuil éachtaí déanta acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.  

Bronnadh Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana ar Bhreandán Ó Cathasaigh, a bhí ina Chathaoirleach ar an ógeagraíocht Ógras. Bhronn Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, an dá ghradam oíche Shathairn na hArd-Fheise, 24 Feabhra 2024. 

“Is mór an onóir dom féin agus do Chonradh na Gaeilge an gradam speisialta seo a bhronnadh ar Mháirín Ní Ghadhra. Tá croí Mháirín curtha isteach aici san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus sa teanga ar feadh na mblianta, agus ba mhaith linn aitheantas a thabhairt di as an obair ar fad atá déanta aici.

Is cara mór le Conradh na Gaeilge í Máirín, agus tá a cuid ama, a cuid fuinnimh agus a cuid talainne tugtha go fial flaithiúil aici dúinn i gcónaí. As sin, táimid thar a bheith buíoch di agus is féidir liom a rá nach bhfuil duine ar bith gur bhfearr liom an onóir seo a bhronnadh orthu i mbliana.”

Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

“Tá mé thar a bheith buíoch as an aitheantas a thugann an gradam seo dom, cé go ndéarfainn féin nach ndearna mé aon rud ar leith riamh seachas mo theanga dhúchais a labhairt agus an oiread de mo shaol agus ab fhéidir a reáchtáil tré mheán na teanga sin.

Tá an t-ádh dearg orm gur rugadh agus gur tógadh sa nGaeltacht mé agus go bhfuair mé deis mo chlann féin a thógáil ina croílár. Sin deis a ba cheart, ar ndóigh, a bheith ag 'chuile dhuine beo sa tír seo.”

Máirín Ní Ghadhra

Bronnadh gradaim de réir cúigí ar oibrithe deonacha ó na craobhacha ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge.

🏅 Cúige Uladh: Niall Ó Sluáin
🏅 Cúige Chonnacht: Áine Ní Dhonnaile, Seán Ó Cionfhaola
🏅 Cúige Laighean: Éadaoin Ní Snodaigh, Derek Hollingsworth
🏅 Cúige Mumhan: James Knoblauch, Seán Ó Duibhir

Comhghairdeas leo uilig.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.