Skip to main content

Tomás Ó hEochaidh, iar-Thimire le Conradh na Gaeilge, ar Shlí na Fírinne

Tá Tomás Ó hEochaidh, iar-Thimire agus Oifigeach Óige le Conradh na Gaeilge, imithe ar shlí na fírinne.

Bhí Tomás aitheanta mar bhunaitheoir den ógeagras náisiúnta, Ógras, agus bhí sé lárnach i ngluaiseacht na Gaelscolaíochta i nDroichead Átha, áit a bhunaigh sé Scoil Aonghusa, ​an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge i nDroichead Átha. 

Bhí sé gníomhach i gCraobh Dhroichead Átha de Chonradh na Gaeilge, agus go dtí le gairid, bhí baint aige le himeachtaí sa cheantar le Craobh na Bóinne do Sheachtain na Gaeilge.

Dúirt Michaeline Donnelly, Tánaiste Chonradh na Gaeilge:

"Is mór an brón atá orainn agus nuacht inniu go bhfuil Tomás Ó hEochaidh imithe ar shlí na fírinne. Is mór an obair a rinne sé le cúrsaí óige a neartú ina chuid ama le Conradh na Gaeilge, agus is bua mór a bhí ann don obair óige go náisiúnta gur bhunaigh sé Ógras, a dhéanann an méid sin oibre do dhaoine óga ar fud na tíre. Bhí sé de phribhléid agam labhairt ag an imeacht mór deireanach a d'eagraigh Tomás in ómos do Liam Ó Buachalla, is an fuinneamh a bhí aige don teanga a fheiceáil agus é ann."

Dúirt Emer Nic Uidhir, Cathaoirleach ar Chraobh na Bóinne de Chonradh na Gaeilge:

"Is brónach an scéal dúinn é an nuacht fá bhás Thomáis a chloisteáil. Chuir Tomás a chroí isteach i ngluaiseacht na Gaeilge i nDroichead Átha, go háirithe san obair a rinne sé le Scoil Aonghusa a chur ar an fhód. Bhí sé ina chara mór ag Craobh na Bóinne i gcónaí, is beimid go mór faoina chomaoin go deo."

Déanann muid comhbhrón lena theaghlach agus a chuid cairde uilig. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.