Skip to main content

Lamornagaeilge.ie seolta inniu roimh Lá Mór na Gaeilge ag Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath

Tá réimse leathan imeachtaí anois ar fáil le cur in áirithe don 30 Aibreán

Tá BÁC le Gaeilge agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar bís le seoladh lamornagaeilge.ie a fhógairt, ar a bhfuil réimse leathan ceardlann saor in aisce le cur in áirithe a bheidh ar siúl mar chuid de Lá Mór na Gaeilge. Is féile sráide Ghaeilge í Lá Mór na Gaeilge a bheidh ar siúl idir 12-5 i.n. i gCearnóg Parnell, Dé Domhnaigh 30 Aibreán. Tógfar an tsráid ar láimh agus beidh sí saor ó thrácht le linn na n-uaireanta seo agus muid ag ceiliúradh spraoi agus cuimsitheacht na Gaeilge. Tá Lá Mór na Gaeilge ag gealladh i mbliana…

Le “Athbheochan na Gaeilge — 130 Bliain” mar théama Lá Mór na Gaeilge i mbliana, tá BÁC le Gaeilge agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tar éis sraith ceardlann a eagrú atá dírithe ar fhorbairt agus fás na Gaeilge le linn na tréimhse sin. Cuimsíonn na cláir réimse topaicí, idir cheol traidisiúnta agus cheardlanna damhsa, seimineáir ar dhíchódú sean théacsanna, cainteanna faoi phobail nua agus a n-aistear leis an nGaeilge, siúlóidí staire, agallaimh le réaltaí spóirt, ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta agus go leor eile. Tá gach imeacht go hiomlán saor in aisce, agus ní mór ticéid a bheith ag an lucht freastail do na himeachtaí ar fad. Tá spásanna teoranta, mar sin moltar don lucht freastail áirithint a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Chun teacht ar na himeachtaí, tabhair cuairt ar lamornagaeilge.ie nó ar ardáin shóisialta na féile @lamornagaeilge. Is féidir ticéid saor in aisce a chur in áirithe ag an nasc seo: https://linktr.ee/lamornagaeilge

Tabhair faoi deara go gcaithfidh duine fásta a bheith in éineacht le páistí faoi 16 bliana d’aois agus iad ag freastal ar aon imeacht ag Lá Mór na Gaeilge. 

Beidh Lá Mór na Gaeilge 2023 ina cheiliúradh spreagúil agus tarraingteach ar an nGaeilge. Beidh do gach duine teacht chomh maith! Má tá tú go hiomlán líofa, nó má tá cúpla focal agat, beidh rud éigin ann do gach duine le ceol, cultúr, caint, craic agus spraoi don teaghlach ar fad.

Ag labhairt inniu, dúirt Mícheál Ó Nualláin, Stiúrthóir BÁC le Gaeilge:

“Tá an-áthas orainn Lá Mór na Gaeilge a bheith ar ais i gCearnóg Parnell don dara bliain as a chéile. Tá sé thar a bheith tábhachtach do dhaoine óga i mBaile Átha Cliath agus do dhaoine ar fud na tíre taitneamh a bhaint as an nGaeilge ar bhealach spraíúil ag féilte ar nós Lá Mór na Gaeilge. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Meán as a dtacaíocht agus a maoiniú leanúnach agus muid ag iarraidh tógáil ar an rath a bhí ar Lá Mór na Gaeilge i mbliana a dhéanamh níos spraíúla agus níos taitneamhaí ná riamh.”

Dúirt Ray Yeates, Oifigeach Ealaíon na Cathrach le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath:

“I mbliana, le chéile le Conradh na Gaeilge, tá áthas ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go mbeidh Lá Mór na Gaeilge ar siúl ar Chearnóg Parnell don dara bliain. Bígí linn chun taitneamh a bhaint as an caint, cultúr, ceol agus craic linn agus cur do thicéid saor in aisce a chur in áirithe inniu!”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.