Skip to main content

Léiríonn Tuarascáil an Choimisinéara Teanga an géarghá le Coimisinéir nua a cheapadh gan a thuilleadh moille

Ní hamháin go bhfuil comhlachtaí stáit ag dul gan fhaireachán ón gCoimisinéir féin, níl na cumhachtaí nua don Choimisinéir ó Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasú) á fheidhmiú.

Le Tuarascáil Bhliantúil 2022 foilsithe inniu ag Oifig an Choimisinéara Teanga, tá sé ríshoiléir gur gá don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tús láithreach a chur leis an bpróiseas ceapacháin do phost an Choimisinéara Teanga.

Ag labhairt inniu, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá sé ráite ag an iarchoimisinéir teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga nua ag brath ‘go huile agus go hiomlán ar fhoireann cháilithe a bheith ag comhlachtaí poiblí atá inniúil ar sheirbhísí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge agus i mBéarla’. Is gá go mbeidh brú ag teacht ó na leibhéil is airde sa rialtas ar chomhlachtaí stáit agus ar chomhlachtaí poiblí lena ndualgais a chomhlíonadh le 20% d’earcaithe nua san earnáil a bheith líofa sa Ghaeilge.

Mar dhlúthchuid den earcaíocht seo, creideann an Conradh gur gá a chinntiú go mbeidh an córas oideachais ag freagairt don sprioc earcaíochta. Chuige sin, ba chóir don Aire Oideachais Norma Foley feidhmiú ar an ngealltanas sa Chlár Rialtais - gealltanas a thug Fianna Fáil i rith an olltoghcháin i 2020 - le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a chur le chéile gan a thuilleadh moille. D’fheadfadh sí sin a dhéanamh trí choiste saineolaithe a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí a fhorbairt.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Chuir Conradh na Gaeilge fáilte ag tús na bliana seo roimh fheidhmiú na bhforálacha in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a thug cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga. Mar atá fá láthair, ní féidir na cumhachtaí nua a fheidhmiú gan Coimisinéir Teanga ceaptha. Léiríonn seo an géarghá atá ar an Aire Catherine Martin, ar an Aire Stáit Patrick O'Donovan agus ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le tús a chur leis an bpróiseas earcaíochta láithreach bonn.”

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2022 an Choimisinéara Teanga ar fáil anseo

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.