Skip to main content

Meascán Mearaí den mhaith agus den olc atá i bhfigiúirí nuafhoilsithe #Daonáireamh2022 maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht

‘Gá le tacaíocht láidir, leanúnach agus uaillmhianach má tá dul chun cinn suntasach le baint amach roimh an chéad Daonáireamh eile’ - Conradh na Gaeilge

Foilsíodh na torthaí maidir le húsáid na Gaeilge ó Dhaonáireamh 2022 níos luaithe maidin inniu. I measc na mór-fhigiúirí a foilsíodh, cuireadh na míreanna seo a leanas san áireamh:

  • Tháinig ardú 6.01% ar an líon daoine a bhfuil Gaeilge acu ó 1,761,420 in 2016 go 1,873,997 in 2022. Is ionann é sin agus ardú de 0.6% den daonra a bhfuil Gaeilge acu (daoine gan fhreagra bainte amach), ó 39.8% in 2016 go 40.4% in 2022.
  • Tháinig titim, áfach, ar líon na ndaoine sin a chuir in iúl go n-úsáideann siad an Ghaeilge gach lá, ó 73,803 in 2016, go 71,968 in 2022 (titim 1,835 (2.55%)). Bhí titim fosta i líon na ndaoine sin a chuir in iúl go n-úsáideann siad an Ghaeilge gach seachtain, ó 111,473 in 2016 go 109,099 in 2022, titim 2,374 (2.18%). 
  • Tháinig ardú ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu, ó 63,664 in 2016 go 65,156 in 2022 (ardú  1,492 / +2.3%) tráth ar tháinig titim, áfach, ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge gach lá ó 20,586 in 2016 go 20,261 in 2022 (titim 325 / -1.6%). 
  • Tá lorg na bhfigiúrí sin le feiceáil sna Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta, áit a bhfuil meascán de thitim agus d'fhás ann i líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu agus i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht.
  • Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí Gaeilge de réir aoise sna raoin aoise 15-24, 35-44, 45-54, 55-64 agus 65+ go háirithe.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

“Níl aon amhras ann ach go bhfuil meascán mearaí ann den mhaith agus den olc, den fhás agus den titim, sna figiúirí a foilsíodh ar maidin maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht sa Daonáireamh. Cé go bhfuil scéal dearfach ann go bhfuil ardú ag teacht trí chéile ar líon na ndaoine le Gaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht, is údár buairimh é do Chonradh na Gaeilge go bhfuil pobal labhartha na Gaeilge ag titim, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá comharthaí dóchais ann, áfach, nuair a chaitheann muid súil ar líon na ndaoine óga, go háirithe sa raon aoise idir 15-24, agus an fás mór a tháinig ar úsáid na Gaeilge san aoisghrúpa sin ó bhí 2016 ann. Léiríonn na figiúir arís eile go bhfuil neart le déanamh againn chun úsáid na Gaeilge ar fud na tíre a spreagadh agus a chur chun cinn.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge:

“Tá scéal dearfach anseo sa mhéid is go bhfuil ardú trasna an bhoird ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu ach ag an am céanna is léir go bhfuil an pobal a labhraíonn Gaeilge ag titim. Is fadhb í sin atá thar a bheith tromchúiseach agus dáiríre. Caithfidh muid tacú le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta an teanga a úsáid, mar theanga tí, mar theanga teaghlaigh agus mar theanga phobail. Chun an cheist seo a réiteach, tá géarghá le tacaíocht láidir, leanúnach agus uaillmhianach ón Stát gan mhoill leis an taoide a chasadh agus borradh suntasach a bhaint amach maidir le húsáid na Gaeilge. Tá neart rudaí gur gá a dhéanamh chun an fhís sin a bhaint amach agus leis an fhás atá de dhíth a bhuanú; tá gá an Plean Fáis, Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-29, atá aontaithe ag breis is 115 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú chun infheistíocht shuntasach fhádtéarmach a chinntiú; tá gá le polasaí tithíochta náisiúnta don Ghaeltacht; tá gá le polasaí oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal, agus eile. Agus muid ag druidim isteach ar an tréimhse dheiridh den Straitéis 20 Bliain ó dheas, anois an t-am le beartais láidre a aontú agus a chur i bhfeidhm, agus na hacmhainní cuí a chur leo. Tá deis iontach againn sin a dhéanamh ach an toil agus an tiomántas bheith ann i measc polaiteoirí agus pobal ar fud na tíre.”

Twitter: @CnaG #Daonáireamh2022

Tuilleadh eolais agus ó Chonradh na Gaeilge maidir le torthaí an Daonáireamh, 2022 ar Twitter anseo.

 Daonáireamh23a

Daonáireamh23b

Daonáireamh23c

Daonáireamh23d

Daonáireamh23e

Daonáireamh23f

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.