Skip to main content

Norma Foley, Scaoil Saor Ár dTeanga!

Na céadta páirteach, agus idirghníomhaíocht ó na mílte, i bhfeachtas ar líne le polasaí #Gaeilge4All a éileamh don chóras oideachais

Inniu, Dé Céadaoin, 17 Bealtaine 2023, mar chuid den fheachtas #Gaeilge4All chuir na céadta daoine pictiúir díobh féin in airde le téip dhearg ar a mbéil le héileamh ar an Aire Oideachais Norma Foley, ar Fhianna Fáil agus ar an Roinn Oideachais polasaí cuimsitheach don Ghaeilge a thabhairt isteach sa chóras oideachais ón luath-óige go dtí an tríú leibhéal. Bhí tionchairí, daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí, grúpaí oideachais, eagraíochtaí Gaeilge agus baill den phobal páirteach sa ghníomh a scaipeadh ar fud ardáin na meán sóisialta. 

Dúirt Róisín Ní Chinnéide, urlabhraí an fheachtais #Gaeilge4All:

“B’ í aidhm na hagóide ar líne ná brú a chur ar an Aire agus ar an Roinn Oideachais le sprioc an fheachtais #Gaeilge4All a chur i bhfeidhm, i.e polasaí cuimsitheach don Ghaeilge a fhorbairt sa chóras oideachais ón luath-óige go dtí an tríú leibhéal agus trí sin eispéireas sásúil foghlama Gaeilge a chur ar fáil do gach dalta sa chóras oideachais. Mar chéad chéim ina threo, táimid ag éileamh ar an Roinn Oideachais coiste saineolach oibre a chur ar bun láithreach, le baill a thuigeann agus a bhfuil taithí acu ar an nGaeilge sa chóras oideachais, chun an polasaí seo a fhorbairt.”

Róisín Ní Chinnéide Gaeilge4All

Dúirt Éadaoin Fitzmaurice, Cruthaitheoir Digiteach agus bunaitheoir FIA Digital:

“Tá grá agam don Ghaeilge agus tá ról lárnach ag an gcóras oideachais an chéad ghlúin eile de chainteoirí a mbeidh grá acu don teanga a chruthú . Chuige sin, is gá dúinn gach rud a dhéanamh le cinntiú go gcuideoidh an córas le daltaí an teanga a shealbhú. Ní féidir sin a dhéanamh gan athruithe móra ar an gcóras - tá gá le #Gaeilge4All anois!”

Éadaoin Fitzmaurice Gaeilge4All

Dúirt Alannah Ní Riada, dalta i nGael-Choláiste Chill Dara:

“Cuireann an Ghaeilge sa chóras oideachais frustrachas orm. Níl scrúdú béil ann don Teastas Sóisearach. Tá an méid ama do mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna le laghdú 30 nóiméad ó rang a 1 go rang a 6. Níl sonraíochtaí sásúla Gaeilge ann don teastas sóisearach nó don Ardteist. Ní fheicim go bhfuil aon fhís nó aon phlean ag an Roinn leis na fadhbanna seo agus neart eile a réiteach. Nach fearr ligean do phainéal saineolaithe mar sin, a thuigeann an Ghaeilge sa chóras oideachais, an polasaí atá á mholadh ag an bhfeachtas #Gaeilge4All a fhorbairt gan a thuilleadh moille?”

NO REPRO FEE 29/03/2023 Dublin, Ireland. #Gaeilge4All Demonstration. Pictured are students a rally outside Leinster House today, calling on Minister Norma Foley, the Government and the Department of Education to act on #Gaeilge4All. Attended by students from second and third level institutions, including reps from USI and ISSU, teachers, and representatives s from Irish language organisations, such as Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Foras Pátrúnachta, Gael Linn and many more. Photograph: Leon Farrell / Photocall Ireland

Tá an feachtas #Gaeilge4All ag éileamh na ngníomhartha seo a leanas ón Aire Oideachais Norma Foley:

  1. Go mbeidh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ag gach dalta sa chóras oideachais
  2. Go mbeidh Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Oideachas Luath-Óige go dtí an Tríú Leibhéal forbartha leis seo a dheimhniú do gach dalta
  3. Go gcuirfear coiste saineolach oibre faoi leith ar bun láithreach, le baill a thuigeann an Ghaeilge sa chóras oideachais agus a bhfuil taithí acu uirthi, leis an bpolasaí seo a fhorbairt

Gealladh polasaí don Ghaeilge mar seo sa Chlár Rialtais agus bhí sé mar chuid de ghealltanais Fhianna Fáil san olltoghchán i 2020. Is mithid na gealltanais sin a chomhlíonadh anois.

Ar Líne : #Gaeilge4All @gaeilge4all

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Tá tacaíocht láidir sa phobal do pholasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal de réir suirbhé déanta ag Kantar i 2022 agus 2019:

Gaeilge4All Suirbhé Kantar

Seo a leanas cuid de na fadhbanna a bhaineann leis an nGaeilge sa chóras oideachais agus a léiríonn go bhfuil an córas briste. 

  • Níl ciall ar bith sna sonraíochtaí agus sna siollabais don tsraith shóisearach agus don tsraith shinsearach, agus tá os cionn 90% de mhúinteoirí na sraithe sóisearaí tar éis á míshástacht leo a chur in iúl. 
  • Tá baol ann go gcruthófar fadhbanna ollmhóra laistigh d’fhormáid na hArdteistiméireachta trí Ghaeilge Páipéar 1 a bhogadh go deireadh an chúigiú bliain, in ainneoin go bhfuil an cinneadh curtha siar ar feadh bliana. 
  • Tá easpa roghanna ann do thuismitheoirí atá ag lorg oideachas i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí, gan ach 7% de dhaltaí in ann spásanna teoranta a fháil. 
  • Tá díolúintí as smacht le breis agus 40,000 dalta sa dara leibhéal faoi láthair le díolúine. Níl aon phlean ann tacú le scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta acu le cinntiú gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag foghlaim na Gaeilge seachas iad a dhúnadh amach. 
  • Chomh maith leis sin, bhain an curaclam nua bunscoile 30 nóiméad sa tseachtain ó theagasc na Gaeilge ó rang a 1 ar aghaidh gan aird a thabhairt ar an tionchar a bheidh aige sin ar chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.