Skip to main content

Tomás Mac Ruairí, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge ar shlí na fírinne

Tá Conradh na Gaeilge faoi bhrón mór agus nuacht inniu go bhfuil Tomás P.T. Mac Ruairí (1939–2023), Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus ball de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge imithe ar Shlí na Fírinne. 

B’fhathach é Tomás i saol na Gaeilge agus i saol na hÉireann. Ó chéad-chláraigh sé mar bhall de Chonradh na Gaeilge i 1955, chaith sé tréimhsí fada éagsúla mar bhall ar Choiste Gnó agus ar Bhuanchoiste na hEagraíochta ó 1962 i leith. Bhunaigh sé Craobh Bhréanainn de Chonradh na Gaeilge i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath agus bhí sé gníomhach san Ardchraobh agus ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath. Bhunaigh sé Coláiste Samhraidh faoi choimirce a chraoibhe i dTír an Fhia. Chaith sé seal mar Oifigeach Preasa agus mar Thimire leis an gConradh sna 1960í, tráth a rinne sé eagarthóireacht ar an iris Rosc agus ar chomhordaigh sé Comóradh 50 Bliain Chonradh na Gaeilge ar Éirí Amach na Cásca i 1966. Ba é Tomás a d’eagraigh an t-imeacht seolta in Uimhir 6 Sráid Fhearchair nuair a bhog an eagraíocht go dtí an teach sin i 1966. Toghadh mar Thánaiste i 1994 é agus bhí sé mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1998 go 2003.

Taobh amuigh dá chuid oibre le Conradh na Gaeilge, chaith Tomás a shaol ag iriseoireacht leis an Irish Press, Inniu agus irisí eile. Bhí sé mar stiúrthóir ar an gComhlacht Chumarsáide Creagáin Teo, agus ar CCC Nuacht Teo. Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí Gaelscoileanna Teo agus Scoil Neasáin, áit ar fheidhmigh sé mar bhainisteoir deonach ó 1970 go 1974. Bhí spéis mhór aige sa chraoltóireacht, agus bhí sé mar Rúnaí ar Bhord Raidió na Life ó 2010 go 2023. Chaith sé tréimhsí éagsúla ar Bhord Sheachtain na Gaeilge, bhí sé mar Chathaoirleach ar Choiste Oireachtas na Gaeilge ó 1955 go 1996, mar Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó 2004 go 2010, agus mar Cheannasaí na hÉireann ar Fhéile Idircheilteach Lorient ar feadh ceathrú chéid. Tá sé mar Chathaoirleach reatha ar Chlódhanna Teoranta (a thrádálann faoi ainm An Siopa Leabhar) ó 2017.

Déanann Conradh na Gaeilge comhbhrón lena bhean chéile, Síle, agus a chlann uilig.

Ag labhairt inniu, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is méala mór do chairde Chonradh na Gaeilge agus do phobal na teanga ar fad bás Thomáis Mhic Ruairí. Déanann Conradh na Gaeilge comhbhrón lena mhuintir i mBaile Átha Cliath agus in Ard Mhacha, agus lena chuid cairde go léir. Tá fuinneamh ar leith tógtha aige i ngluaiseacht na teanga le Conradh na Gaeilge agus ar bhonn pearsanta bhí sé ina chara mór agus ina mheantóir agam ó mo chuid ama mar mhac léinn go dtí an tseachtain seo. Táimid ar fad faoi chomaoin aige as.”

Suaimhneas síoraí dá anam uasal. 

Peadar Tomás Mac Ruairí 1939 2023

12614412524 125ee92d9b b

 IMG 8167

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.