Skip to main content

Doire Dearg le Fearg ar son Acht Gaeilge agus pobal na Gaeilge ar ais ar sráideanna ag éileamh chearta teanga ó thuaidh

Lasadh Halla na Cathrach i nDoire Dearg Déardaoin na seachtaine seo a chuaigh thart chun tacaíocht oifigiúil na Comhairle ansin a léiriú d’fheachtas an An Dream Dearg ar son Acht Gaeilge ó thuaidh. Anuraidh glacadh le rún i gComhairle Dhoire agus an tSratha Báin ag tacú leis an Acht Gaeilge agus níos luaithe i mbliana glacadh le rún chun na soilse clúiteacha ar Halla na Cathrach i nDoire a chur dearg ar mhaithe leis an fheachtas ó thuaidh do chearta teanga

Doire 1

Tháinig pobal na Gaeilge agus ionadaithe ó chuid de na páirtithe sin le chéile inniu ag Halla na Cathrach chun na cearta teanga sin a éileamh arís eile agus scoláirí ó na Gaelscoileanna áitiúla i láthair chun ‘An Haka Gaelach’ a léiriú ag an ócáid.

Dúirt Sara Ní Chuireáin, ionadaí An Dream Dearg:

“Breis agus dhá bhliain ó shin tháinig an Dream Dearg chun sráide don chéaduair. Cuireadh tús le gluaiseacht úr ar son chearta teanga ó thuaidh tríd an fheachtas #AchtAnois. Dhá bhliain ar aghaidh agus tá pobal na Gaeilge go fóill ag fanacht le bunaitheantas ón stát seo, rud a gealladh in 2006. Arís eile tiontaíodh Halla na Cathrach i nDoire Dearg chun tacaíocht a léiriú don fheachtas sin ar son Acht na Gaeilge. Tá súil againn go gcuirfidh sé seo splanc breise le feachtas An Dream Dearg agus táimid ag súil le bliain mhór dhearg eile chun dúshlán a thabhairt don stát agus dóibh siúd a dhiúltaíonn meas agus aitheantas dár bpobal. Arís eile, is iad ár ndaoine óga croí agus anam an fheachtais seo. Is iad todhchaí na teanga. Léirigh siad sin arís aréir i nDoire.”

“Is léiriú fisiciúil a bhí anseo ar an tacaíocht leathan atá don Acht Gaeilge; ritheadh agus glacadh le rún i gComhairle Dhoire agus an tSratha Báin anuraidh chun tacú leis an Acht, mar a thacaíonn Rialtas na hÉireann, Comhairle na hEorpa, na Náisiúin Aontaithe agus tromlach na bpolaiteoirí tofa ó thuaidh. Beagán ar bheagán tá ag éirí linn dul i bhfeidhm ar chodanna áirithe den stát seo, ach tá aistear maith le déanamh againn fós. Tá an t-aistear sin chomh tábhachtach leis an sprioc”.

Doire 3

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.