An Ghaeilge sna meánscoileanna ó thuaidh
&
Teangacha mar fréamhábhar GCSE (TGMO)
Tá ceist na Gaeilge sna meánscoileanna Béarla ó thuaidh ina ceist mhór phráinneach i láthair na huaire. Ó bhí 2007 ann ó thuaidh níl teangacha (sa bhreis ar an Bhéarla) aitheanta mar chroí-ábhar ag TGMO. Ó shin, tá líon na ndaoine atá ag roghnú na Gaeilge (GSCE Irish) ag dul síos, cé go bhfuil líon na ndaltaí atá ábalta an scrúdú seo a dhéanamh i mBliain 8 sna meánscoileanna Gaeilge agus fás.
Tá An Gréasán ag obair le chéile chun tabhairt faoin fhadhb seo a réiteach, agus tá anailís ar bun ar an cheist le blianta beaga anuas, mar aon le stocaireacht ar na páirtithe ó thuaidh teangacha a dhéanamh mar chroí-ábhar arís. Seo a leanas na torthaí a fuarthas mar chuid de phobalbhreith KANTAR a d'eascaigh Conradh na Gaeilge in 2022:
Foinsí Eolais:
In 2020 d'fhoilsigh Comhairle na Breataine an tuairisc taighde seo maidir le stád teangacha sna meánscoileanna Béarla ó thuaidh. Is féidir an taighde sin a léamh anseo.
In 2018 d'fhoilsigh Gael Linn tuairisc ar an Ghaeilge sa chóras oideachais Béarla ó thuaidh, idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna. Is féidir an taighde sin a léamh anseo.
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: