Skip to main content
Conradh na Gaeilge

Tionól Gaeltachta 2023

29/06 - 02/07
Gaoth Dobhair, Co. Thír Chonaill

Beidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ar siúl i nGaoth Dobhair, Co. Thír Chonaill, ón Déardaoin, 29 Meitheamh go Dé Domhnaigh, 02 Iúil 2023.

Tá fáilte roimh chraobhacha, baill aonair agus an pobal i gcoitinne a bheith linn d'imeachtaí na deireadh seachtaine. 

Bí linn!

-

Déan Teagmháil Linn:

Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Guthán: +353 (0)1 4757401

Seimineár: Éire Nua agus an Ghaeilge

Mar chuid de Thionól Gaeltachta 2023, cuirfear i láthair an tríú seimineár sa tsraith Éire Nua agus an Ghaeilge le hamharc ar an Ghaeltacht in Éirinn Aontaithe. 

Táimid sásta a fhógairt go mbeidh Mairéad Ní Mhaonaigh, an Dochtúir Niall Comer, an Dochtúir Seosamh Ó Ceallaigh agus Naoise Mac Cathmhaoil ar an phainéal linn, le hÁine Ní Bhreisleáin ina cathaoirleach. 

Dáta: 30/06/2023
Ionad: An Chúirt
Am: 20:00

Cláraigh: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Busanna i nGaoth Dobhair

Déardaoin

Ó Am Go dtí
Teac Campbell 19:30 Teac Jack
Teac Jack 00:00 Teac Campbell

Dé hAoine

Ó Am Go dtí
Teac Jack 18:00 An Chúirt
Teac Campbell 18:00 An Chúirt
An Chúirt 21:45 Teach Hiúdaí Beag
Teach Hiúdaí Beag 00:00 Teac Jack

Dé Sathairn

Ó Am Go dtí
Teac Jack 17:00 Seán Ógs
Teach Mhicí 00:00 Teac Jack
Teach Mhicí 01:00 Teac Jack

Caidé atá ar siúl?
Dé Sathairn & Dé Domhnaigh

  • Dé Sathairn, 01 Iúil 2023
  • 10:00

    Turas Cadhcála (LA)

  • 11:00

    Siúlóid - Toiseacht ó Theach Jack

  • 11:00

    Ceardlann Shaibhris Theanga le Mícheál Ó Domhnaill

  • 14:00

    Turas ar Dhrioglann Chroithlí (LA)

  • 15:30

    Tráth na gCeist Boird - Teach Mhicí

  • 18:00

    Béile Tráthnóna - Teach Sheáin Óig

  • 19:00

    Seó san Amharclann - Amharclann Ghaoth Dobhair

  • 22:00

    Seisiún Ceoil - Teach Mhicí

  • -
  • Dé Domhnaigh, 02 Iúil 2023
  • 11:00

    Aifreann - Teach Pobail Mhuire

  • 12:00

    Clabhsúr an Tionóil - Teach Jack

Caidé atá ar siúl?
Déardaoin & Dé hAoine

  • Déardaoin, 29 Meitheamh 2023
  • 20:30

    Fáiltiú agus Oscailt Oifigiúil - Teach Jack

  • 21:00

    Seisiún Ceoil leis An Chrannóg - Teach Jack

  • -
  • Dé hAoine, 30 Meitheamh 2023
  • 11:00

    Turas Báid go hOileán Thoraí
    (ag pilleadh 15:30)

  • 12:00

    Turas treoraithe ar an oileán le hAntón Meenan

  • 18:30

    Béile Tráthnóna - An Chúirt

  • 20:00

    Seimineár an Tionóil 2023 - An Chúirt

  • 22:00

    Seisiún Ceoil - Teach Hiúdaí Beag

Cén dóigh a bhfaighim ann?

Tá rogha busanna agus eitiltí ar fáil le theacht go Gaoth Dobhair. Beidh busanna nó síobanna curtha ar fáil ón lóistín chuig na himeachtaí. Bí ar an eolas, áfách, go bhfuil iompar poiblí measartha gann le taisteal thart feadh an cheantair féin.

Tá páirceáil saor in aisce ar fáil ag na hóstáin uilig sa cheantar. 

Baile Átha Cliath: John Mc Ginley | Aer Lingus

Gaillimh: Bus Feda

Béal Feirste & Doire: Patrick Gallagher

An Líonra Alumni: Cruinniú Uladh

Dé Sathairn 01/07, mar chuid den Tionól Gaeltachta, beidh an Líonra Alumni ag teacht le chéile do Chruinniú Uladh, ag a bheidh imeachtaí agus cuideachta oscailte do chách.

Tá imeachtaí eagraithe ar bharr imeachtaí an Tionóil, agus má tá fonn ort páirt a glacadh bí i dteagmháil ar Instagram nó ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Turas Cadhcála: 10:00 | €10

Turas Treoraithe ag Drioglann Chroithlí: 14:00 | €10

Seisiún Ceoil ag Teach Mhicí: 22:00 | Saor in aisce

-

Íocaíochtaí: Seol DM ar Instagram nó ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. agus seolfar na sonraí ar aghaidh.

Buíochas le:

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.