Téarma an Fhómhair 2020: Bunchomhrá, Déardaoin (Maidin, Ar-Líne)
Briseadh Ranga: Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair 2020
Is ionann an rang seo agus rang comhrá inar ndéantar forbairt ar scileanna cumarsáide agus labhartha daoine le Gaeilge. Beidh gá le tuisicint éigin ar an nGaeilge le teacht ar an rang seo toisc go mbeidh cumarsáid tábhachtach ach bainfear úsáid as cluichí, diospóireachtaí, ailt agus eile le caint a spreagadh idir comhaltaí an ranga.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Sonraí Cúrsa
Tús | 17-09-2020 9:30 am |
Deireadh | 26-11-2020 11:00 am |
Dáta deiridh | 13-09-2020 23:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 5 |
Praghas | €150 |
Ionad | Ar Líne (Am an Chósta Thoir) |