Skip to content

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

The Avenue – A History of the Claremont Institution (ar athláimh)

Rachel Pollard. Denzille Press, 2006. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Roic agus greamán ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Stair Éirghe-Amach na n-Éireannach i 1798 [oráiste] (ar athláimh)

Séarlas Hamilton Taoiling. Aistrithe ag Tadhg Ó Rabhartaigh. Oifig an tSoláthair. An Chéad Chló, 1942. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Roinnt smál ar an chlúdach agus na himill caite. Spotaí ar an taobh agus dorchú ar an droim. Bloc téacs an-ghlan.

Craobhóg Dán (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach beagáinín caite. Clúdach crua agus leathanaigh i riocht an-mhaith.

An Tobar Draoidheachta (ar athláimh)

Dráma leis an Athair Pádraig Ua Duinnín. An dara h-eagar, agus míniughadh fairsing leis. 1904. Smál agus spotaí ar an gclúdach. Meirg mhór ar na stáplaí agus na leathanaigh ag éalú ón gclúdach.

Stairsheanchas Mhicil Chonraí (ar athláimh)

Clúach crua, forchlúdach leis, riocht maith.

Limerick Boycott 1904 (ar athláimh)

Anti-Semitism in Ireland. Dermot Keogh agus Andrew McCarthy, Mercier Press. 2005. Clúdach bog. Dath an chlúdaigh ídithe. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Sraith na Ríthe – Leabhar Bhriain (ar athláimh)

Riocht maith. Dorchú ar na himill, stampaí ar an gclúdach, meirg ar na stáplaí. Spotaí ar an taobh agus ar na leathanaigh. Stampa ar an leathanach cheangal chomh maith. An Seabhach (eagarthóir). Comhlucht Oideachais na hÉireann. 72 lth.

The Quiet Revolution (ar athláimh)

The Electrification of Rural Ireland. Michael Shiel. The O’Brien Press, 1984. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith, roic ar an droim agus smál ar chúl. Spotaí ar an taobh.

An Choill Bheo (ar athláimh)

Éilís Diolún, an chéad chló, Oifig an tSoláthair, 1948. Clúdach leath-chrua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite ar an imeall agus stróicthe ar bun sa lár. An leabhar féin i riocht an-mhaith, an-ghlan.

Kilmainham (ar athláimh)

The Kilmainham Jail Restoration Society, 1966. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smáil ar an chlúdach, cúinní beagáinín brúite. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

An Stáca ar an gCarraigín (ar athláimh)

Conchubhar Ó Ruairc. Clo Uí Mheára, An Chéad Chló, 1962. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Smál ar an bhforchlúdach, atá caite go maith. Ruachan ar na leathanaigh ceangail agus dorchú ar imill na leathanach. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Stríocaí ar Thóin Séabra (ar athláimh)

Ré Ó Laighléis. Coiscéim, 1998. Clúdach bog, riocht an-mhaith. 203 lch

Gearrcaigh na hOíche (ar athláimh)

Seán Mac Fheorais. Foilseacháin na Scol Aonach Urmhumhan, an chéad chló 1954. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Deannach agus smál ar an bhforchlúdach, caite beagáinín ar an imeall. Ainm an iar-úinéara taobh istigh agus dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

An Bona Óir (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1969. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus roinnt smál beaga. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Cloch Choirnéil agus Dánta Eile (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar Tta., 1966. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air, droim caite. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh. Dorchú ar na leathanaigh.

The National Library of Ireland, 1941-1976 (ar athláimh)

A look back by Patrick Henchy. National Library of Ireland Society, 1986. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe.

Gluaiseacht na Gaeilge – Gluaiseacht ar Strae (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Misneach. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Meirg ar na stáplaí, na clúdaigh lúbtha.

All Our Yesterdays (ar athláimh)

Declan Hassett. Mercier Press, 1998. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht maith go leor. Smál agus deannach ar an bhforchlúdach. Leabhar crua féin i riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Leasú Comhdhaonnach Críostaí (ar athláimh)

Quadragesimo Anno. Aistriú Nua-Réitithe leis an Dr. Cormac Ó Cuilleanáin. FÁS. Clúdach bog, riocht maith go leeor. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe in áiteanna. Greamán ar an chlúdach chomh maith. Dorchú ar na leathanaigh ach bloc téacs an-ghlan.

The History of Mexico – An Introduction (ar athláimh)

Banamex Cultural Foundation, 1980. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an droim, smáil ar an chlúdach. An-ghlan taobh istigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil