Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An Baile Seo ‘gainne (ar athláimh)

An Seabhac. Clódhanna Teoranta. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach caite, nótaí ar roinnt leathanaigh.

Prose Writings (ar athláimh)

William Rooney (Fear na Muinntire). M.H. Gill & Son, Ltd. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Imeall beagáinín caite. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Maeldún (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1972. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Cúpla smál an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Cnámha sgéal na nUghdar (ar athláimh)

Leabhrán, clúdach bog. An Press Náisiúnta. Liam Ó Riain. Riocht an-mhaith.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal Ó Marcaigh, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Deannach agus cúpla marc ar an chlúdach. Imeall beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Sliabh na mBan bhFionn (ar athláimh)

An tAthair Peadar Ua Laoghaire. Brún agus Ó Nualláin, Teor. Leabhrán bog, riocht maith. Smál agus dorchú ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Handbuch Des Alt-Irischen – Grammatik, Texte und Wörterbuch (ar athláimh)

An-chuid nótaí istigh ann le peann luaidhe glas, gorm agus dearg. An droim stróicthe. Smál ar an gclúdach agus codanna de ag titim de. Heidelberg 1909. Stampaí iarhleabharlainne air.

Micheál Cíosóg (ar athláimh)

Liam P. Ó Caithnia. An Clóchomhar Tta., 1982. Clúdach bog, riocht maith. Caite ar an imeall, smál & dorchú ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh ar barr.

An Próca Óir – Dráma beag i gcóir na Leanbh (ar athláimh)

Leabhrán beag 11cm in airde. Searlot Ní Dhúnlaing do scríobh. Brún agus Ó Nualláin. Meirg ar na stáplaí. Gan dáta. Na leathanaigh an-glan.

Scríobh 1 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1974. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Cogadh ‘gus Cathú (ar athláimh)

Colm Mac Confhaola. Coiscéim, 2002. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Sgéal na h-Éireann (ar athláimh)

I gCóir Páistí Scoile. Pronnsias Ó Súilleabháin. Comhlucht Oideachais na hÉireann Teor. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach agus stampa air chomh maith. Meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Desiderius (ar athláimh)

Otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh. Flaithrí Ó Maolchonaire. Curtha in eagar ag Thomas F. O’Rahilly. Mediaeval and Modern Irish Series Volume XII. The Dublin Institute for Advanced Studies, 1955. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla marc an-bheag ar an chlúdach. Na himill fíorbheageainín caite. Na leathanaigh dorcha ach glan.

Foclóir Gaeilge – Béarla (ar athláimh)

Niall Ó Dónaill. Eagarthóir Comhairleach: Tomás de Bhaldraithe. Oifig an tSoláthair, 1977. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, cúpla smál beag air agus é caite beagáinín ar an imeall. Riocht an-mhaith taobh istigh.

Sean-Dair agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Liam Prút. Coiscéim,1985. Clúdach bog, riocht an-mhaith. 66 lch

An Chéad Chloch (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire, Cló Mercier Teoranta. 1978. Clúdach bog, riocht maith. Roinnt smál ar an gclúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Biggles Flies to Work (ar athláimh)

Capt. W. E. Johns. Dean & Sons, 1963. Clúdach crua, i riocht cuibheasach caite. An clúdach féin lúbtha, agus smál air. Dorchú ar na leathanaigh. Dath an droma ídithe go mór.

Peann agus Dúch – Leabhar Ceapadóireachta Cuid a II (ar athláimh)

Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Teoranta. 64lth. Clúdach bog. Meirg ar na stáplaí. Ruachan ar na leathanaigh.

An Aifric Theas (ar athláimh)

Éamonn Mac Giolla Iasachta. Oifig an tSoláthair. An Chéad chló, 1947. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus smál air. Na cúinní beagáinín brúite. Spotaí ar an taobh agus imeall na leathanach.

Ceárdachas Gaelach – Irish Craftmanship (ar athláimh)

S. Mac Cana. Leabhrán bog, Irish Hospitals Trust, 1940. Riocht cuibheasach maith. Smál ar an chlúdach agus dorchú ar na himill. Meirg ar na stáplaí. Leathanaigh glan agus i riocht maith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil