Conradh na Gaeilge

Nuacht

Agus Conraitheoirí ag saothrú ar son na teanga, is minic go mbíonn muid ag plé leis na meáin chumarsáide. Tá gach preasráiteas agus gach nuachtlitir de chuid an Chonartha le fáil thíos agus má tá breis eolais de dhíth, bí i dteagmháil le foireann na hArd-Oifige.

Tosaíocht sna Toghcháin
19/05/09
Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an bpobal tacú leis na polaiteoirí is mó atá ag gníomhú ar son na Gaeilge sna toghcháin áitiúla ar an 5 Meitheamh 2009.

Tá an Conradh ag iarraidh ar dhaoine ceisteanna fiúntacha maidir le cur chun cinn na Gaeilge a chur ar na hiarrthóirí ar fad atá i mbun feachtasaíochta, go háirithe i dtaca le logainmneacha dúchais ar eastáit ina gceantair, i measc rudaí eile.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "I bhfianaise thuarascáil an Athar Mhic Ghréil a léiríonn go bhfuil 93% de mhuintir na tíre ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú nó a athbheochan, níl aon amhras ann ach go dtacaíonn pobal na hÉireann leis an teanga, agus is fiú an tacaíocht sin a léiriú go láidir do na polaiteoirí a thagann ag lorg vótaí sna toghcháin seo."

Tá an Conradh ag moladh go gcuirfí coistí logainmneacha ar bun ar fud na tíre i bpáirt leis na húdaráis áitiúla, ionadaithe ó An Post, saineolaithe áitiúla agus pobal an cheantair, agus go n-ullmhódh an coiste sin rogha ainmneacha Gaeilge d'fhorbróirí i gcás gach eastát tithíochta nua sa cheantar áitiúil.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá Coiste Logainmneacha ag feidhmiú i nGaillimh le 10 mbliana anuas agus tá ainm Gaeilge ar gach eastát tithíochta nua ó shin dá thoradh. Cuireann sé seo go mór le stádas agus le feiceálacht na Gaeilge sa phobal agus ní hamháin go mbíonn dea-thionchar aige sin ar dhearcadh daoine ar an teanga, ach bíonn nasc ag na logainmneacha nua leis an stair áitiúil agus le dúlra an cheantair."

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

« Siar