Skip to main content

An Ghaeilge mar theanga gnó den chéaduair ag Coiste Tionóil agus Conradh na Gaeilge os comhair an Choiste Pobail

Tháinig Conradh na Gaeilge os comhair an Choiste Pobail Déardaoin 7 Márta 2024 chun fianáise a thabhairt don Choiste maidir leis an straitéis Ghaeilge agus maidir le maoiniú Gaeilge, an dá ábhar is mó a bhfuil an Roinn Pobal freagrach astu. 

Is féidir amharc ar imeachtaí an Choiste le Conradh na Gaeilge ar fhíseán thíos anseo:

Bhí an cruinniú seo ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge 2024 agus bhí seisiún faisnéise againn ó Conradh na Gaeilge mar chuid de. Ba é seo an chéad uair a úsáideadh ateangaireacht chomhuaineach ag cruinniú coiste. Is féidir amharc ar an fhíseán leis an ateangaireacht thíos anseo:

 

Seo a leanas an óráid thosaigh a thug Conradh na Gaeilge os comhair an Choiste:

Maidin mhaith daoibh a chairde.

Ar tus, is mian linn ar mbuíochas a ghabhail libh as ucht glacadh lenár n-iarratas labhairt libh inniu. 

 

Is mise Pádraig Ó Tiarnaigh, agus liom inniu tá mo chomhghleacaithe Conchúr Ó Muadaigh agus Cuisle Nic Liam, agus is ionadaithe muid ar an eagraíocht. Conradh na Gaeilge. Giota beag go gásta fúinn; is muid an eagraíocht Ghaeilge is sine atá fós ag feidhmiú, bunaíodh muid in 1893 agus ó shin tá muid ag plé le hardú feasachta faoin Ghaeilge, costaint teanga agus cearta teanga. Bhí muid lárnach san fheachtas ar son Acht Gaeilge agus mar dhlúthchuid den Dream Dearg a thug 20,000 chun sráide i mí na Bealtaine 2022 i mBéal Feirste.

 

Tá sé tábhachtach dúinn aitheantas a thabhairt d’fhoireann na hateangaireachta anseo ag Cnoc an Anfa, Ciarán, Tom agus Siúrtán, atá ag eascú an tseisiúin seo dúinn trí mheán na Gaeilge. Creideann muid gur seo an chéad uair a tháinig eagraíocht os comhair Coiste de chuid an Tionóil iomlan trí mheán na Gaeilge agus is fiú dúinn an dul chun cinn sin, a rinneadh fríd soláthar sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in 2020 agus a aontaíodh sa Tionól i Meitheamh 2021, a aithint. 

 

Tá neart le plé againn libh inniu, ach go háirithe mar a bhaineann leis an Straitéis Ghaeilge agus ceisteanna maoinithe don teanga, mar a bhaineann siad le curaimí na Roinne Pobal.

 

Tá cur síos níos cuimsithí ar na ceisteanna agus ar na héilimh atá againn ar an Choiste mar chuid den chaipéis fianáise scríofa atá ceangailte le bhur gcomhaid inniu.  

 

An Straitéis

 

Mar atá leagtha amach sa chaipéis sin, is coimitmint í an Straitéis Ghaeilge a rinneadh don chéad-uair ag Comhaontú Chill Rímhinn in 2006. Ag éirí as sin, tá fóráil reachtúil anois mar chuid d’Acht TÉ 1998 faoi Alt 28d, ‘go nglacfaidh an Feidhmeannas le Straitéis don Ghaeilge chun forbairt na Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn’. Níor comhlíonadh an dualgas reachtúil sin fós. 

 

Gealladh an straitéis sa Chlár Rialtais 2011-2015 faoi Thosaíocht 4, agus cé gur tháinig dréacht os comhair an Fheidhmeannais in 2015, diúltaíodh don dréacht sin. Gealladh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in 2020 go mbeadh dréacht-Straitéis réidh faoi cheann 6 mhí. Níor comhlíonadh an choimitmint sin agus fós, níl Straitéis againn.

 

Cad é an difear a dhéanfaidh an Straitéis don phobal? Cé go bhfuil an reachtíocht teanga nua, An tAcht Féiniúlachta agus Teanga, a ritheadh in 2022 in Westminster, thar a bheith tábahchtach chun chreatlach dlíthiúil don Ghaeilge a chur in áit, agus beidh muid ag súil le ceapadh an Choimsinéara Gaeilge gan mhoill, tá an Straitéis Ghaeilge ag dul an treo taistil don chéad 20 bliain a leagan amach os ár gcomhair, le tascairí aitheanta agus plean gnímh le hacmhainní soiléire. Cinnteoidh sé idirghabháil stáit ag achan leibhéal de réimsí na pleanála teanga; an óige, an pobal, teaghlaigh, oideachas, na healaíona, cumarsáid, gnó, sláinte. Is straitéis feidhmeannais í seo, straitéis thras-rannógach. Tá an-díomá orainn mar phobal go bhfuil muid fós ag troid leis an straitéis a bhaint amach.

 

Tá 2 athbhreithniú bhreithiúnacha glactha ag Conradh na Gaeilge ar an cheist seo. In 2017, dhearbhaigh an Breitheamh Maguire gur theip ar an Fheidhmeannais Straitéis a thabhairt isteach, agus in 2022 thug an Breitheamh Scoffield an dearbhú céanna agus go mbeifear ag súil go mbeadh aon Fheidhmeannas úr ag plé leis an cheist ‘gan mhoill’.

 

Tá Conradh na Gaeilge mar Chomh-Chathaoirleach ar an Choiste Comh-Deartha atá ag plé le forbairt na Straitéise. Idir Samhain 2021 agus Samhain 2023 d’ullmhaigh muid Plean Cuimsitheach Gníomhaíochtaí atá, creidim, ionadaíoch ar éilimh na phobail, bunaithe ar dhea-chleachtas agus a dhéanfaidh difear súntasach sa phróiseas athbheochana teanga atá faoi lán seoil faoi láthair. Ní mór go mbeadh ár moltaí mar bhunchlocha lárnacha d’aon Straitéis úr. Anois, tá muid ag fanacht leis an Roinn dréacht-Straitéis a chur faoi bhráid an Aire, agus faoi bhráid an Fheidhmeannais. Go dtí seo, is údár ollmór díomá agus imní dúinn nach bhfuil aon-amscála cinntithe leis na céimeanna deiridh sin a chur i grích. 

 

Bhí muid ag éisteacht go cúramach leis an Bhuan-Rúnaí an tseachtain seo caite nár thug aon choimitmint maidir leis an Straitéis ach a dhearbhaigh go bhfuil sé “in the mix” - is mian linn cur i gcuimhne don Roinn agus don Aire go bhfuil dualgas dlíthiúil ann chun an Straitéis seo a thabhairt isteach agus comhairle ón Ard-Chúirt in 2022 sin a thabhairt chun cinn “gan mhoill”.

 

Chuige sin ar fad is mian libh na héilimh seo a leanas a dhéanamh ar an Choiste inniu:

  1. Go lorgaíonn an Coiste seo am-scála soiléir agus réasúnta maidir le cur i gcrích na gcéimeanna deiridh den phróiseas comh-deartha;
  2. Go n-aithníonn an Coiste seo an ghá go mbeadh achmhainní nua curtha ar fáil chun beartais agus plean gnímh na Straitéise a chur i bhfeidhm go héifeachtach, gan bhaint den soláthar maoinithe reatha;
  3. Go gcuirfidh sibh, mar mhír sheasta ar chlár oibre an Choiste seo, mír maidir le huasdátú ar an dul chun cinn ionas nach mbíonn an Fheidhmeannas ag teacht salach ar an dualgas reachtúil faoi Alt 28d don tríú uair.
  4. Go mbeadh cuireadh roimh bhaill ionadaíocha ón Choiste Comh-Deartha don Straitéis Ghaeilge teacht os comhair an Choiste Pobal le héilimh an Choiste sin a chur i láthair.

 

Maoiniú

 

Tá ceisteanna tábhachtacha maoinithe gur mian linn a phlé libh inniu, go háirithe mar a bhaineann siad leis na deacrachtaí maoinithe san earnáil, le Foras na Gaeilge agus an Roinn Pobail. Tá Foras na Gaeilge faoi láthair ag feidhmiú le níos lú maoinithe anois in 2024 ná mar a bhí acu in 2003. Ta mé cinnte go dtiocfaidh an t-ábhar sin chun cinn i measc bhur gcuid ceisteanna.

 

Is mian linn éileamh ar an Roinn Pobal dlús a chur faoin chomhoibriú le Roinn na Gaeltachta ó dheas chun an Plean Fáis, plean infhéistíochta don Ghaeilge atá comhaontaithe ag 138 grúpa Gaeilge ar fud na tíre, a mhaoiniú mar is ceart. Sa chás nach féidir sin a bhaint amach, iarrann muid oraibh inniúchadh práinneach a dhéanamh ar an mheicníocht mhaoinithe taobh thiar d’Fhoras na Gaeilge chun réiteach ar an ghéarchéim reatha maoinithe a aimsiú.

 

Go raibh míle maith agaibh

 

coiste.jpeg

[Cuisle Nic Liam, Pádraig Ó Tiarnaigh agus Conchúr Ó Muadaigh].

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.