Skip to main content

Lá na Teicneolaíochta á cheilúradh inniu mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2024

TikTok páirteach i gceiliúradh den Ghaeilge mar chuid de Lá na Teicneolaíochta

Inniu, Déardaoin 14 Márta 2024, tá Lá na Teicneolaíochta ar siúl mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia, an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan.

Tá Lá na Teicneolaíochta, nó Lá na Meán Sóisialta mar a bhíodh air, ar bun ó 2017 le ceiliúradh a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge ar líne ag deis á tabhairt do dhaoine óga an Ghaeilge a fheiceáil mar theanga bheo lasmuigh den seomra ranga. D’fhreastail na céadta dalta ar cheardlanna ar líne mar chuid den cheiliúradh do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2024. Ghlac scoileanna ó cheantair Ghaeltachta agus scoileanna eile ó fud fad na tíre páirt in imeachtaí an lae agus iad i mbun físeán agus cláir raidió a chur le chéile.

Ceardlann ag Teicneolaíochta min

I mbliana, bhí TikTok páirteach sa cheiliúradh den teanga do Lá na Teicneolaíochta, le hócáid speisialta ar siúl in oifigí na heagraíochta mar chuid de #SnaG24. Bhí painéal cainte ann le hEdel Ní Bhraonáin ó Ghael Linn, Cormac Breathnach ó foclóir.ie; Daithí Mac Suibhne ó fhoireann TikTok; Chloe Ní Ruairc ó Chonradh na Gaeilge agus Emma Ní Chearúil ó Raidió Rí-Rá mar bhean an tí.

Dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“An príomhsprioc le Lá na Teicneolaíochta ná ceiliúradh a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge ar líne. Taispeánann imeachtaí, ar nós an ceann a bhí againn in oifigí TikTok inniu, do dhaoine óga gur teanga bheo í an Ghaeilge agus go bhfuil go leor deiseanna ann í a úsáid lasmuigh den seomra ranga.”

Reáchtáladh ceardlann físe in oifigí TikTok i ndiaidh an phainéil agus bhí deis ag na daltaí a bhfíseáin féin a chruthú.

Deir Diarmaid Ó hAinifigh, Múinteoir i gColáiste Éamonn Ríse:

“Bhí fuinneamh dochreidte sa seomra ach go háirithe ag an deireadh nuair a cuireadh na daltaí i mbun oibre agus iad ag déanamh a gcuid físeáin féin. Níor stop na daltaí ag caint faoi ar an mbealach abhaile agus iad ar ais ar scoil ina dhiaidh.”

Edel Ní Bhraonáin Painéal Cainte ag Lá na Teicneolaíochta min

D’eagraigh Conradh na Gaeilge an t-imeacht in éineacht le TikTok & foireann Gaelbhratach. Tá féile bhliantúil Sheachtain na Gaeilge le Energia ar siúl go 17 Márta 2024, le críoch spleodrach ar Lá ‘le Pádraig. Is féidir teacht ar imeachtaí na féile ag PEIG.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie.

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á eagrú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Cuireadh tús leis an bhféile in 1902.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.