Skip to main content

Fís le 9,000+ post a chruthú; Lárionaid Ghaeilge a bhunú ar fud na tíre, Scoláireachtaí Gaeltachta do dhaoine nach bhfuil an t-airgead acu, agus roinnt eile leagtha amach i bPlean Fáis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

An Plean Fáis le seoladh amárach i dTeach an Ardmhéara agus breis agus 130 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta ag tacú go hoifigiúil leis na beartais

Ag 12:00 amárach, Dé Céadaoin 20 Meán Fómhair, seolfar An Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029, i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath. Beidh Teachtaí Dála nó Seanadóirí ó nach mór gach páirtí polaitiúil i láthair le cloisteáil faoi na mianta agus éilimh atá leagtha amach sa phlean a bhfuil níos mó ná 130 grúpa ag tacú leis agus beidh le cloisteáil uathu ar a ndearcadh faoin bplean chomh maith.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Leagann An Plean Fáis slí chun tosaigh amach le maoiniú agus infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht a neartú sna blianta le teacht go 2029. Má mhaoinítear an plean seo, cruthófar breis is 9,000 post (go háirithe sa Ghaeltacht), cuirfear leis an líon daoine ag cónaí sa Ghaeltacht, cuirfear maoiniú sásúil ar fáil do phobail áitiúla leis an bpleanáil teanga níos éifeachtaí a chur i gcrích, cuirfear na mílte scoláireachtaí ar fáil le cur ar chumas daltaí nach bhfuil an t-airgead sa bhaile acu dul chun na Gaeltachta, agus roinnt eile.

Tá an bonnlíne maoinithe curtha ar fáil do scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta thar na blianta thar a bheith íseal, thart ar 0.17% de chaiteachas an Stáit, rud a fhágann go leor bearnaí sa soláthar tacaíochta teanga ar fud na tíre. Tá sé simplí; le níos mó maoinithe, is féidir linn mar phobal i bhfad Éireann níos mó a bhaint amach. Ba mhaith linn na deiseanna úsáide agus foghlama Gaeilge a mhéadú go suntasach le huaillmhian agus le cothrom na Féinne a chur ar fáil don teanga agus don Ghaeltacht ar nós nár rinneadh riamh ó bunaíodh an stáit le hardú go 0.4% de chaiteachas an Stáit. Tá an Plean Fáis anois i lámha na bpáirtithe polaitiúla agus is fúthu a bheidh sé na hacmhainní cuí a chur ar fáil sna míonna agus sna blianta atá romhainn. Déanfaidh muid an cás, an t-éileamh agus na riachtanais a chur ina láthair inniu.”

Ag labhairt faoin phlean, dúirt Cristín de Mórdha, Oifigeach Pleanála Teanga, Dúchas an Daingin:

“Caitheann An Plean Fáis súil chun tosaigh ar an méid atá riachtanach don nGaeilge agus don nGaeltacht sna blianta amach romhainn. Tá sé ina aidhm ag an bplean seo dul i ngleic le heaspa uaillmhéine agus le heaspa maoinithe i leith na teangan, is a bheith ina uirlis le todhchaí níos fearr don nGaeilge is don nGaeltacht a bhaint amach.

Nuair a cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teangan, cuireadh ceist ar na coistí a bhí ag cur pleananna teangan le chéile a bheith uaillmhianach agus chuireadar pleananna le chéile go mbeadh €300-€400,000+ sa bhliain ag teastáil chun iad a mhaoiniú. Ansin, faraor, níor cuireadh ach idir €100,000 agus €150,000 ar fáil dóibh leis na pleananna san a chur i bhfeidhm, rud nár chuir na riachtanais shainiúla áitiúla ar fad san áireamh. Tá €1.6 mhilliún leagtha amach sa phlean do na 26 limistéar pleanála teanga i 2024 le foirne a fhostú, leis na pleananna teanga a fheidhmiú agus le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus d'imeachtaí óige, rud a chuirfeadh go mór le cumas lucht pleanála teangan san obair a bhíonn ar bun againn agus a chinnteoidh nach bhfuil aon duine i mbun na hoibre seo leo féin.”

Tuilleadh eolais agus cóip de An Plean Fáis ar fáil ag cnag.ie/plean.

Clár ama don seoladh:
12.00: Grianghraif
12.15: Seoladh an Phlean Fáis
12.20: Polaiteoirí ag Caint (3 nóiméad an duine)
12.40: Ionadaithe ón Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga

 MaoiniúPleanFáis

TEAGMHÁIL:

Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide
6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí
6 Sráid Fhearchair, BÁC2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta
6 Sráid Fhearchair, BÁC2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide
202 Bóthar na bhFál, BT12 6AH | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

AR LÍNE: X @cnag / Instagram @cnagaeilge / #PleanFáis

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.